Easpa múinteoirí – fadhb phráinneach nach féidir a réiteach gan breis airgid

Dúirt príomhoidí nach bhfuil siad ábalta fiú poist lánaimseartha a líonadh ná múinteoirí ionaid a aimsiú

Easpa múinteoirí – fadhb phráinneach nach féidir a réiteach gan breis airgid

Ba dheacair uaireanta le coicís anuas aird leanúnach a thabhairt ar pholaitíocht na hÉireann, mar gheall ar an ngeamaireacht a bhí ar bun in Westminster.

Níl áiféis pholaitiúil a bhí chomh háiféiseach le teacht agus imeacht Liz Truss feicthe abhus ó thit comhrialtas Fhianna Fáil leis na Glasaigh as a chéile in 2011. Airíonn cuid againn anois mar a mhothaíonn daoine atá róthugtha don deoch tar éis dóibh an braon deireanach sa bhuidéal a ól.

Fiú má chuirtear an tragóid pholaitiúil leanúnach i mBéal Feirste as an áireamh, ba chóir go músclódh scéal a tháinig chun solais i rith na seachtaine spéis agus imní go forleathan.

Thug suirbhé scoile a d’fhoilsigh Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) Dé Céadaoin le fios nár chuir duine ar bith isteach ar phoist a fógraíodh le sé mhí i 71 faoin gcéad de na hiarbhunscoileanna a chuir faisnéis ar fáil don Aontas. Léirigh an suirbhé, ar chuir 94 iarbhunscoil freagraí ar fáil lena aghaidh, go bhfuil poist ag 61% acu nach bhfuil múinteoir ceaptha iontu mar gheall ar dheacrachtaí earcaíochta nó coinneála.

Thug príomhoidí na scoileanna le fios freisin gur bhain na deacrachtaí sin leis na hábhair seo a leanas, rangaithe de réir na bhfreagraí a thug siad: matamaitic, Gaeilge, eacnamaíocht bhaile, ceimic agus Fraincis.

Is ábhar imní atá ar a laghad chomh mór céanna na fáthanna a thug na daoine ar tairgeadh poist dóibh agus an tairiscint sin á diúltú acu (rangaithe arís de réir fhreagraí na bpríomhoidí):

  1. Fostaíocht ar choinníollacha níos fearr a bheith á tairiscint ag fostóirí eile.
  2. Gan conradh ná lán-uaireanta oibre a bheith á thairiscint.
  3. Easpa áit chónaithe.
  4. Leithcheal a bhain le rátaí pá.

Ní cóir go gcuirfeadh na fáthanna ná na fadhbanna thuas iontas ar aire ar bith, ar Theachta Dála ar bith ná ar dhuine ar bith a thug aird ar a bhfuil ráite ag ionadaithe na múinteoirí le tamall. Dúirt Adrian Power ó Chumann Príomhoidí agus Leas-Phríomhoidí go réiteofaí an fhadhb go héasca dá gcuirfí breis airgid ar fáil do na scoileanna ionas go mbeidís ábalta lán-uaireanta oibre seachas “blúirí” oibre a thairiscint do mhúinteoirí.

Tugadh léargas ar dheacrachtaí den sórt céanna atá ag cur isteach ar bhunscoileanna i mBaile Átha Cliath i dtuairisc a rinne comhfhreagraí oideachais RTÉ Emma O’Kelly Dé hAoine. Dúirt príomhoidí ó scoileanna éagsúla léi nach raibh siad ábalta fiú poist lánaimseartha a líonadh ná múinteoirí ionaid a aimsiú.

Dúirt príomhoidí bunscoile sa phríomhchathair freisin go bhfuil ganntanas múinteoirí ag cur isteach go mór ar pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Mar shampla, bhí súil ag scoil amháin go mbeadh páistí a bhfuil uathachas orthu ag freastal ar rang speisialta ón mhí seo caite. Níor cuireadh an rang ar bun fós toisc nach raibh an scoil ábalta múinteoir a earcú lena aghaidh.

Is díol suntais na príomhchúiseanna sonracha leis an scéal a bheith amhlaidh a luaigh na príomhoidí go léir agus iad ag cur síos ar fhadhbanna earcaíochta na mbunscoileanna i mBaile Átha Cliath. Dar leo gur easpa áiteanna cónaithe agus ardchostas iompair is cúis leis an nganntanas. Ní hacmhainn do mhúinteoirí nua-cháilithe go háirithe, dar leo, cur fúthu sa chathair ná íoc as costais taistil ó cheantair máguaird.

Tá beartais chun déileáil leis an bhfadhb geallta go luath ag an Aire Oideachais Norma Foley agus tascfhórsa bunaithe aici sa roinn oideachais lena mbreithniú. Dúirt sí le gairid go raibh socruithe á meá, mar shampla, a cheadódh do mhúinteoirí leanacht ar aghaidh ag múineadh tar éis dóibh aois lánphinsin a shroichint, nó socrú faoina mbeadh cead ag múinteoirí níos mó ama a chaitheamh i mbun teagaisc.

Níor thagair an t-aire don éagothromaíocht fostaíochta ó thaobh uaireanta oibre de, ná d’easpa buanchonarthaí lán-aimseartha, a chuireann ina luí ar mhórán múinteoirí go mb’fhearr dóibh deiseanna fostaíochta eile a iniúchadh.

Ní léir fós go mbeidh an rialtas ná an freasúra ábalta fadhb earcaíochta na scoileanna a réiteach ar feadh tamaill fhada – maidir le hardchostas nó ganntanas tithíochta go speisialta, agus i mBaile Átha Cliath go háirithe.

Sin ráite, déanfaidh Norma Foley agus a tascfhórsa leas na scoileanna má thugann sí aird ar na príomhoidí. Níl dream sa tír a bhfuil tuiscint chomh hiomlán acu ar an bhfadhb agus ar na beartais a theastaíonn chun tús dáiríre a chur lena réiteach.

Fág freagra ar 'Easpa múinteoirí – fadhb phráinneach nach féidir a réiteach gan breis airgid'

  • Colmán Ó Drisceoil

    Tá easpa múinteoirí i réimse an bhunoideachais, go seasta nach mór, le fiche bliain. Aon seans go gcuirfeadh an Roinn Oideachas a lámh in airde agus go n-admhóidís a n-easpa pleanála féin mar bhunchúis? Tá gá le pleanáil 5 – 10 mbliana, seachas dul ó cháinfháisnéis go cáinfháisnéis agus socruithe a dhéanamh le go mbeidh go leor múinteoirí chun déileáil le borradh i líon na ndaltaí nó le feabhas sa choibhneas daltaí/múinteoirí. Is suimiúil gur dealbh de lámh amháin atá lasmuigh den Roinn Oideachais ar Shráid Maoilbhríde – dá mbeadh an lámh eile ann bheadh a fhios ag an dá lámh cad a bhí ar siúl ag a chéile.

  • Seán

    Gearrtar siar ar an líon SNAs….níl gá leo. Déantar infheistíocht chun breis múinteoirí a earcú.