Focus
Stiúrthóirí: Glenn Ficarra, John Requa
Cliar: Will Smith, Margot Robbie, Adrian Martinez, Gerald McRaney, Rodrigo Santoro.
Tá bóthar fada, eachtrúil, rathúil siúlta ag Will Smith ó raid The Fresh Prince of Bel Air i lár an aonaigh é i dtosach na naochaidí.
Is deacair a shamhlú go bhfuil breis agus fiche bliain caite ó bhí an clár grinn, páistiúil sin i mbarr a réime.
Thosaigh Smith ag tabhairt droim láimhe do bhaois na hóige le taispeántais chuidsúlacha in Six Degrees of Seperation (1993) agus Made in America(1993).
Léirigh Bad Boys (1995) go raibh a dhindiúir aicsin aige agus chaith sé cuid mhaith ama ag rómhar in iomaire in aicsin agus na móreachtraíochta ina dhiaidh sin: Bad Boys 2 (2003 – agus an triú gála á bheartú i láthair na huaire), trí scannán Men in Black (1997, 2002 agus 2012), Independence Day (1996), I, Robot (2004), I am Legend (2007) srl.
Bhí féith grinn Smith lárnach sna táirgí thuas agus mar mháithreacha i scannáin eile. Ag an am céanna áfach léirigh a thaispeántais in Ali (2001), The Pursuit of Happyness (2006) agus Sevin Pounds (2008) go bhfuil raon níos leithne lena chumas. Go deimhin mheall an chéad dá scannán sin ainmniúchán Oscar dó. Ar a shon sin is uile sé seánra na móreachtraíochta an paiste is nádúrtha dó agus dar liom gur beag duine atá in ann é fhéachaint leis nuair a bhíonn sé os cionn a bhuille.
Dá mbeadh scannán mór aicsin le déanamh agus ceann feadhain fireann de dhíth le dathúlacht, mealltacht, cumas aisteoireachta, fisiciúlacht agus féith grinn is é an bas ar fad acu. As maoil mo chonláin ní féidir liom cuimhneamh ar éinne a bheadh in aon ghiorracht dó.
Is léir gur cuireadh an táirge seo le chéile le adhmhad a bhaint as tréithe iontacha Smith atá ag tarraingt ar an leathchéad gach aon lá eile.
Déantar iarracht anseo táirge a sholáthar ina bhfuil aicsean, greann, rómáns agus tréithe de chuid na scéinséireachta sníofa le chéile. Teipeann orthu go hiomlán sin a dhéanamh agus murach Smith rachadh an táirge go tóin poill.
Fear clis é Nicky (Smith) a bhíonn ag saothrú na millte as bobanna a bhualadh agus gadaíocht a dhéanamh. Tá foireann chumasach bailithe ina thimpeall aige agus déanann siad slad nuair a bhíonn imeachtaí móra cosúil leis an Superbowl ar siúl.
Oíche amháin buaileann sé leis na mbean chlis amaitéarach Jess (Robbie) agus diaidh ar ndiaidh luíonn sí leis – sa leaba agus sa ghnó. Scarann siad go tobann agus trí bliana ina dhiaidh sin agus an ‘jab mór amháin deireanach’ sin idir lámha ag Nick tagann sé trasna ar Jess arís agus tosnaíonn rudaí ag imeacht sa bhfraoch.
Lena cheart a thabhairt don táirge tá míreanna grinn anseo agus ansiúd, a bhuíochas sin do Smith agus don scríbhinn. Bhí cuid den ghreann seo tíriúil go maith, rud go mbeifeá ag súil leis ón gcomhghuaillíocht a sholáthraigh an scríbhinn don táirge iontach sin Bad Santa (2003) agus a bhí ar an stiúir do Crazy, Stupid, Love (2011).
An fhadhb is measa, agus is domhaite, atá ag baint leis an táirge seo ná go bhfuil an scéal liobarnach agus eipeasóideach Cinnte tá smaointe/míreanna maithe ann: an criú i mbun gadaíochta go snasta agus an dallamullóg a cuirtear ar an gcearrbhach ag an Superbowl. Go deimhin bhain na míreanna sin macalla as slíocthacht Ocean’s 11 (2001), ach ní raibh ann ach sin, macalla. Diaidh ar ndiaidh, áfach imíonn an ghaoth as na seolta agus fágtar sin le críoch sheanchaite, phatuar.
Níl cómhaith Smith mar aisteoir aicsin le fáil agus tá saothar níos cumasaí ná seo dlite dó.