‘Easpa físe, fuinnimh agus acmhainní ar Údarás na Gaeltachta’ – Ó Clochartaigh

Deir an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil ‘géarghá’ le hathbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta agus go mba chóir toghchán Bhord an Údaráis ‘a thabhairt ar ais’

‘Easpa físe, fuinnimh agus acmhainní ar Údarás na Gaeltachta’ – Ó Clochartaigh

Tá ráite ag an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil “géarghá” le hathbhreithniú a dhéanamh “ar ról agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta”.

Dúirt Ó Clochartaigh gurb í an chéad chéim san athbhreithniú atá molta aige ná toghchán Bhord an Údaráis “a thabhairt ar ais”.

Chuir Ó Clochartaigh An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2017 os comhair an tSeanaid inné, bille de chuid Shinn Féin a bhfuil faoi toghchán an Údaráis a chur ar bun athuair.

“Tá easpa físe, fuinnimh agus acmhainní ar Údarás na Gaeltachta le fada, i dtuairim cuid mhaith de phobal na Gaeltachta a mbím ag caint leo. Baineann go leor de seo le heaspa acmhainní, ach tá gá le stiúir níos láidre agus cur chuige níos gníomhaí ón eagraíocht i mo thuairim.

“Is beag a chloiseann muid maidir lena bhfuil ar bun ag Údarás na Gaeltacht ó cuireadh deireadh leis na toghcháin dhíreacha chun ionadaithe a thoghadh ar son an phobail ar an mbord in 2012.  Is ceapacháin pholaitiúla seachas pobail iad an bord reatha agus iad ag damhsa de réir phort an Rialtais seachas a bheith ag seasamh suas do na pobail dár díobh iad,” a dúirt an Seanadóir Gaeltachta.

Dúirt an Seanadóir Gaeltachta go gcaithfí breathnú “go fuarchúiseach” ar ról an Údaráis maidir le “fostaíocht a chruthú” agus “pobail bhríomhara a chothú”. Níor foláir chomh maith, a dúirt sé, féachaint ar chur chuige na heagraíochta i leith chúrsaí teanga, cultúir agus oiliúna.

Dúirt an Seanadóir gur “deis iontach” a bheadh i dtoghchán “díospóireacht” a chur sa tsiúil maidir le “ról” agus “tábhacht” Údarás na Gaeltachta agus maidir leis “na hacmhainní agus tacaíochtaí stáit breise” a theastaíonn ón eagraíocht.

D’fhéadfadh, a dúirt sé, an toghchán a bheith ann ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha “sa gcaoi nach mbeadh mórán costais ar bith breise ag baint leis”.

“Tá me sásta gur gheall ceannaire an Rialtais sa Seanad, Jerry Buttimer go mbeadh díospóireacht againn ar an ábhar seo go luath agus i bhfianaise ráitis phoiblí atá déanta ag páirtithe polaitiúla eile go mbeidh siad sásta tacú leis an bille seo chun na toghcháin dhíreacha a thabhairt ar ais nuair a bhíonn deis againn é a chur ós comhair na dtithe,” a dúirt Ó Clocharataigh.

Fág freagra ar '‘Easpa físe, fuinnimh agus acmhainní ar Údarás na Gaeltachta’ – Ó Clochartaigh'