Easpa ‘dáiríreachta agus dúthrachta’ léirithe ag figiúirí caiteachais maidir le pleananna teanga na Gaeltachta

Léirigh tuairisc a foilsíodh ar an suíomh seo inné nach bhfuil caite ar phleananna teanga na Gaeltachta ach €654,000 den €5.9 milliún atá curtha ar fáil don phleanáil teanga ó 2014

Easpa ‘dáiríreachta agus dúthrachta’ léirithe ag figiúirí caiteachais maidir le pleananna teanga na Gaeltachta

Deir iar-aire na Gaeltachta, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, go léiríonn a laghad caiteachais atá déanta ag Roinn na Gaeltachta ar phleananna teanga na Gaeltachta ó 2014 easpa “dáiríreachta agus dúthrachta” an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Léirigh tuairisc a foilsíodh ar an suíomh seo inné nach bhfuil caite ar phleananna teanga na Gaeltachta ach €654,000 den €5.9 milliún atá curtha ar fáil don phleanáil teanga ó 2014.

Dúirt Máire Ní Neachtain ó Fhóram Um Phleanáil Teanga Chois Fharraige le Nuacht TG4 aréir gurb é an focal “díomá” an “focal is éadroime” a d’fhéadfaí a úsáid faoin scéal go raibh “an chosúlacht” ar chaiteachas na Roinne ar an bpleanáil teanga go dtí seo go raibh “airgead ag luí thart” fad is go raibh lucht pleanála teanga na Gaeltachta ag fanacht ar shoiléiriú faoi na foinsí maoinithe a bheadh ar fáil dóibh.

Níl cinneadh déanta fós ag Fóram Um Pleanáil Teanga Chois Fharraige cé acu ar cheart glacadh le tairiscint ar mhaoiniú €150,000 agus plean teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm nó diúltú don mhaoiniú sin agus an Fóram a scor. Níl sé i gceist ag an bhFóram cinneadh a dhéanamh faoi thodhchaí na heagraíochta nó go bhfaightear eolas ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi na beartais tacaíochta bhreise don phleanáil teanga atá geallta acu.

Dúirt Máire Ní Neachtain aréir go rabhthas ag éirí “mífhoighdeach” agus gan an t-eolas sin curtha ar fáil ag an Roinn go fóill.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie go mbíonn airgead suntasach ar fáil ón Rialtas do thograí a bhaineann leis an gcultúr ach nárbh amhlaidh an scéal i gcás na Gaeilge nó na Gaeltachta.

“Tá go leor airgid ann do Creative Ireland, don Chomhairle Ealaíon agus tá €42 milliún ar fáil, mar shampla, do Ghaillimh 2020, ach tá an t-airgead don phleanáil teanga á bhaint de rudaí eile nó táthar ag rá go bhfuil airgead a bhí á chaitheamh cheana ar rudaí eile anois mar airgead don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus don phleanáil teanga.

“Ceann de na cúiseanna is mó a tugadh isteach an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ná go mbeadh airgead breise suntasach ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Sin an fáth gur réitíodh an Stráitéis, le go mbeadh plean náisiúnta ann agus le go gcaithfeadh an Roinn Airgeadais maoiniú breise a chur ar fáil di. Ach ní hin an rud atá tarlaithe, tá caiteachas a bhí ar bun cheana féin á chur i láthair mar chaiteachas ar an Stráitéis,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios sa Dáil an tseachtain seo caite gur caitheadh €3.3 milliún san iomlán ar an bpleanáil teanga idir 2014-2017 agus go mbeadh €2.65 milliún eile caite uirthi faoi dheireadh na bliana seo.

Ach léirigh figiúirí atá faighte ag Tuairisc.ie ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil caite ar phleananna teanga na 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta go dtí seo ach €654,000, nó 11% den airgead iomlán atá ceadaithe.

Baineann an €654,000 sin le hullmhú na bpleananna teanga amháin agus níl aon phingin caite fós ar chur i bhfeidhm na bpleananna sin, cé go bhfuil €490,000 eile ceadaithe do na ceithre phlean a bhfuil glactha leo go dtí seo – Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

I bhfianaise na bhfigiúirí seo is ar nithe eile seachas an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht a caitheadh €2.6 milliún den airgead a cuireadh ar fáil don phleanáil teanga idir 2014-2017.

Nuair a d’iarr Tuairisc.ie briseadh síos ó Roinn na Gaeltachta cheana ar an gcaiteachas €2.6 milliún sin, dúradh gur chuimsigh na figiúirí caiteachas eile seachas an caiteachas ar phróiseas pleanála teanga na Gaeltachta.

Thug an Roinn le fios gur caitheadh an t-airgead sin ar an gcuid sin den phróiseas pleanála teanga a bhaineann le Foras na Gaeilge, atá freagrach as an bpróiseas lasmuigh den Ghaeltacht, agus ar “ullmhúchán pleananna, oiliúint, feachtais phoiblíochta agus feasachta, ceardlanna, cruinnithe poiblí, forbairt ábhar agus tacaíochtaí eile”.

Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc.ie gur €65,000 atá íoctha go dtí seo do phleananna teanga na líonraí Gaeilge agus na mBailte Seirbhíse Gaeltachta atá faoina gcúram siúd. Tá €40,000 eile ceadaithe ag Foras na Gaeilge do phleananna teanga.

Tá iarrtha ag Tuairisc.ie ar Roinn na Gaeltachta arís briseadh síos a thabhairt dúinn ar an gcaiteachas €2.6 milliún nár bhain leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Easpa ‘dáiríreachta agus dúthrachta’ léirithe ag figiúirí caiteachais maidir le pleananna teanga na Gaeltachta'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Seán Mac Gearailt

    Gealltar suim mhór airgid i ngach cáinfhaisnéis, ach ní bhíonn sé ar intinn ag rialtas ar bith an t-airgead sin a chaitheamh. Cuirtear tograí ar an méar fhada, aistrítear cuid den airgead go tograí eile faoi rún. Tugtar béal ghrá don Ghaeilge. Sin mar a bhí riamh agus mar a bhéas.

  • Séamas Mac Coitir.

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an méad atá luaite thuas. Níl i gceist ag an Rialtas sa chás seo, mar is dual do gach rialtas riamh anall, ach galamaisíocht agus gaotaireacht gan dealramh – gealltanais gan chomhlíonadh!