Easpa cainteoirí líofa Gaeilge is cúis le moill ar earcú Gardaí i gConamara

Dúirt Ceannfort sa Gharda Síochána go bhfuil cainteoirí líofa Gaeilge ó Chonamara ag obair leis an bhfórsa ach nach mbíonn siad i gcónaí ag iarraidh filleadh abhaile

Easpa cainteoirí líofa Gaeilge is cúis le moill ar earcú Gardaí i gConamara

Easpa cainteoirí líofa Gaeilge is cúis leis an moill atá ar an nGarda Síochána tuilleadh Gardaí a lonnú i nGaeltacht Conamara, a deir Ceannfort sa Gharda Síochána.

Tá sé i gceist ag an bhfórsa Gardaí breise a chur ar An Spidéal agus i Leitir Móir ach deirtear nach bhfuil cainteoirí líofa Gaeilge ag cur isteach ar na poist sin.

Pléadh an scéil ag cruinniú de Chomhchoiste Póilíneachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo agus dúirt an Ceannfort Damien Ó Flannacháin nach raibh Gardaí a raibh Gaeilge mhaith acu ag cur a n-ainmneacha chun cinn do na folúntais sin.

“Is í an fhadhb nach bhfuil baill den Gharda Síochána a bhfuil Gaeilge líofa acu ag cur isteach ar na poist,” arsa an Ceannfort Ó Flannacháin agus é ag freagairt ceiste a chuir an Comhairleoir Contae de chuid Fhianna Fáil Daithí Ó Cualáin air.

Dúirt an Ceannfort Ó Flannacháin go raibh Gaeilgeoirí líofa ina nGardaí i mBaile Átha Cliath ach nach raibh spéis léirithe acu sna poist a bhí ar fáil i nGaillimh.

“Ar ndóigh, tá roinnt Gardaí ón gceantar ann ach ní bhíonn siad i gcónaí ag iarraidh filleadh abhaile [ó Bhaile Átha Cliath] láithreach.”

Dúirt an Ceannfort Ó Flannacháin go raibh níos mó cainteoirí líofa Gaeilge ag teastáil.

Léirigh figiúirí a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, an titim shuntasach atá tagtha ar an ráta a bhfuil earcaigh le Gaeilge á gceapadh mar bhaill den Gharda Síochána.

Glacadh le 35 duine ar phainéal Gaeilge na nGardaí sa bhliain 2013 agus 28 a bhí i gceist sa bhliain 2016. Níor glacadh ach le ceathrar sa bhliain 2017, deichniúr in 2018 agus seisear idir mí Eanáir agus mí na Samhna 2019.

Thart ar 800 garda nua atá geallta in aghaidh na bliana idir 2016-2021. Mar sin, de réir socruithe a rinneadh leis an gCoimisinéir Teanga ba chóir go mbeadh áit curtha ar leataobh ag an nGarda Síochána do 80 Gaeilgeoir líofa gach bliain. Ina ainneoin sin, níor earcaíodh ach le 48 duine le Gaeilge idir 2016 agus mí na Samhna 2019.

Maidir leis an bhfadhb i gConamara, léirigh an Comhairleoir Ó Cualáin imní faoin nganntanas Gardaí agus mhol sé go gcuirfí Garda ón stáisiún i mBóthar na Trá siar.

Fág freagra ar 'Easpa cainteoirí líofa Gaeilge is cúis le moill ar earcú Gardaí i gConamara'

  • Lillis Ó Laoire

    Cá bhfuil lucht na nGaelscoileanna?

  • Mairéad Nic an Iomaire

    Dá mbeadh an oiread sin imní orthu, Bheag’s an aois níos sine chun an cáileacht a bhaint amach.