Easpa bonneagair chuí ina laincis ar ÚnaG

Tuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta do 2013 foilsithe. 611 post nua cruthaithe ach gá le huasghrádú ar mhaoin ghnó an Údaráis

2013-Tuarascáil-Bhliantúil-Cuntais

Tá bonneagar gnó seanchaite Údarás na Gaeltachta ina bhac roimh chruthú fostaíochta, de réir tuarascáil bhliantúil na heagraíochta don bhliain 2013.

Deirtear san athbhreithniú a ghabhann leis an dtuarascáil, go bhfuil sé níos deacra infheistíocht a mhealladh go dtí an Ghaeltacht mar gheall ar an easpa foirgnimh nua-aimseartha atá ar an eagraíocht.

Deirtear chomh maith go bhfuil an easpa leathanbhanda ardluais ar chostas réasúnach “ag cur as d’iomaíocht na gcomhlachtaí Gaeltachta” agus go “[g]caithfear leanúint den iarracht chun an easpa sin a leigheas”.

“Tá athfhorbairt agus uasghrádú ar mhaoin ghnó an Údaráis riachtanach le cinntiú go mbeidh rath ar fheidhm forbartha fiontair agus cruthú fostaíochta na heagraíochta,” a deirtear.

Maítear sa tuarsacáil nach raibh d’acmhainn ag an Údarás dóthain infheistíochta a dhéanamh ina phunann maoine le blianta beaga anuas, agus go bhfuil sciar mór dá bhfoirgnimh mhóra thionsclaíocha nach bhfuil oiriúnach d’fhiontair nua-aimseartha.

Tógadh na foirgnimh seo sna seachtóidí agus san hochtóidí chun freastal ar thionscail thraidisiúnta déantúsaíochta atá imithe i léig ó shin.

Cruthaíodh 611 post nua i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2013 agus ceadaíodh tograí eile ina mbeifear ag súil le 560 post nua a chruthú.

Bhí os cionn 1,000 duine rannpháirteach i scéimeanna sóisialta fostaíochta an Údaráis i 2013.

Dar le Cathaoirleach Bhord an Údaráis gur “údar mór dóchais é go raibh an líon ba lú caillteanais post le tríocha bliain i gcliantchomhlachtaí Gaeltachta le linn 2013.”

Tugtar le fios sa tuarascáil go bhfuil “athfhorbairt déanta ar líon teoranta d’fhoirgnimh an Údaráis le blianta anuas” ach go bhfuil na foirgnimh sin “ionann agus a bheith lán faoin tráth seo”.

Deirtear go “léiríonn an t-éileamh sin an gá atá le breis infheistíochta chaipitil sa Ghaeltacht le go mbeifear ábalta tuilleadh infheistíochta a mhealladh isteach”.