Easpa acmhainní Chnuasach Bhéaloideas Éireann ina húdar imní

Imní léirithe ag Cathaoirleach Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann agus ag Iar-Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann faoina laghad acmhainní atá ar fáil do Chnuasach Bhéaloideas Éireann

Cathal Goan ag tabhairt eochair chainte ag an gcomhdháíl.
Cathal Goan

Tá imní léirithe ag Cathaoirleach Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann, Cathal Goan, agus ag Iar-Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Ríonach Uí Ógáin, faoina bhfuil i ndán don chartlann náisiúnta béaloidis atá i seilbh an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Deir Ríonach Uí Ógáin, a d’éirigh as a cúram mar Stiúrthóir an Chnuasaigh an mhí seo caite, gur chúis imní di a laghad acmhainní atá ar fáil don bhailiúchán béaloidis.

Ó d’éirigh Uí Ógáin as, níl ach triúr ag obair sa chartlann anois agus ní fios go fóill an bhfuil sé i gceist stiúrthóir a cheapadh mar chomharba uirthi. 14 a bhí ar fhoireann an chnuasaigh i 2008 agus bhí tráth ann go raibh 21 duine ag plé leis.

Anuas air sin, ní hann do Chomhairle Bhéaloideas Éireann faoi láthair. Chuaigh tréimhse bhaill na Comhairle in éag mí ó shin agus níl aon duine ceaptha ina n-áit fós.

Dúirt Cathal Goan, Cathaoirleach Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann, gur chúis imní dó ceist seo na n-acmhainní agus nach leor na hacmhainní atá ar fáil don Chnuasach.

Is ar mhaithe le caomhnú Chnuasach Bhéaloideas Éireann a bunaíodh an Fhondúireacht, ar seoladh go hoifigiúil é i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Tá faoin bhFondúireacht tuilleadh maoinithe a aimsiú don chnuasach chomh maith.

Deir Cathal Goan le Tuairisc.ie gur chúis imní dó nach bhfuil maoiniú ceart ar fáil agus go bhfuil sé “ag súil go gcuirfear leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil don chnuasach amach anseo agus go dtuigfear a thábhachtaí is atá buanú agus beathú an chnuasaigh”.

“Caithfear féachaint ar an gcnuasach, ní mar rud seanchaite, ach mar rud beo forasach. Samhlaítear uaireanta an béaloideas leis na síscéalta agus le síscéalta amháin.

“Bíodh is go bhfuil a leithéid ina dlúthchuid, agus ina chuid an-tábhachtach den chnuasach, ní hé bun agus barr an scéil,” a deir Cathal Goan, Cathaoirleach Fhondúireacht Bhéaloideas na hÉireann.

Deir Goan go teastaíonn “dearcadh i bhfad níos dinimiciúla” i dtaobh an bhéaloidis.

“Ní bhaineann sé leis an am atá caite amháin, ach le saol an lae inniu freisin. Bíonn an béaloideas ag síorathrú. Tá cosaint agus caomhnú le déanamh ar a bhfuil bailithe ach tá taifead le déanamh chomh maith ar phiseoga an lae inniu, ar jócanna an lae inniu, ar an rud a shamhlaítear le siamsaíocht inniu, ar an rian atá á fhágáil ag na daoine nua atá tagtha thar tír isteach ar na rudaí sin.

“Tá an béaloideas ina dhlúthchuid de shainiúlacht aon phobail agus is gá an cnuasach a chosaint agus cur leis,” a deir Cathal Goan.

Idir imeacht Uí Ógáin, bhunú na Fondúireachta agus aistriú an chnuasaigh go leabharlann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tá tréimhse chinniúnach roimh Cnuasach Bhéaloideas na hÉireann.

Fág freagra ar 'Easpa acmhainní Chnuasach Bhéaloideas Éireann ina húdar imní'