Easnamh ar phlean gníomhaíochta Gaeilge RTÉ, dar leis an gConradh

Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh sheoladh Phlean RTÉ ach tá níos mó uaireanta a’ chloig de Ghaeilge á lorg. Thit na huaireanta de chláracha as Gaeilge ar RTÉ ó 15.5 uair in aghaidh na bliana i 2013 go 13 uair i 2014

An Taoiseach Enda Kenny, agus Príomhstiúrthóir RTÉ Noel Curran ag seoladh Phlean Gníomhaíochta Gaeilge RTÉ. pictiúr: Tony Kinlan/Kinlan Photograpahy
An Taoiseach Enda Kenny, agus Príomhstiúrthóir RTÉ Noel Curran ag seoladh Phlean Gníomhaíochta Gaeilge RTÉ. pictiúr: Tony Kinlan/Kinlan Photograpahy

Tá easnamh ar an bplean d’fhorbairt na Gaeilge ar RTÉ a d’fhógair an tseirbhís sin inné, dar le Conradh na Gaeilge, atá ag éileamh go mbeadh uair a’ chloig in aghaidh na seachtaine de chláracha Gaeilge á chraoladh ar an teilifís faoi dheireadh na bliana 2017.

Caithfidh RTÉ a chinntiú “go gcuirfear go suntasach” le líon na n-uaireanta de chláracha Gaeilge ar an teilifís agus ba chóir go mbeadh “sprioc intomhaiste de, ar a laghad, uair a’ chloig de chláracha teilifíse as Gaeilge sa tseachtain ar RTÉ” mar chuid den phlean 5 bliana, dar leis an gConradh.

Chuir an Conradh fáilte roimh fhoilsiú an phlean, go háirithe an chuid a bhain le tráchtaireacht ar chluichí spóirt agus cur chuige dátheangach Sheachtain na Gaeilge a chur i bhfeidhm i gcaitheamh na bliana ar fad.

Noel Curran, Príomh-Stiúrthóir RTÉ, a sheol an plean gníomhaíochta don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath inne. I measc na bhforbairtí nua atá beartaithe do sheirbhísí RTÉ, tá meastóireacht le déanamh faoi sheirbhís nua raidió Ghaeilge do dhaoine óga a bhunú, feasacháin nuachta dhátheangacha a chur ar RTÉ 2fm agus bainfear úsáid níos minice as an nGaeilge ar bhlaisíní teilifíse, sa leanúnachas agus i bhfeasacháin aimsire.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha, gur thit na huaireanta de chláracha as Gaeilge ar RTÉ ó 15.5 uair in aghaidh na bliana i 2013 go 13 uair i 2014.

“Tá sé seo dochreidte íseal – beagán níos mó ná leathlá don bhliain ar fad. Is gá líon na n-uaireanta de chláracha as Gaeilge ar RTÉ a mhéadú go suntasach, agus sin a leagan amach mar sprioc intomhaiste sa phlean,” a dúirt sé.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, go bhféachfar tríd an bplean seo leis an nGaeilge a bheith ina “dlúthchuid den obair ar fad” a dhéantar in RTÉ.

“I rith na mblianta seo romhainn, beifear ag féachaint le seirbhís raidió nua Ghaeilge a chur ar bun a bheidh dírithe ar ógánaigh agus i rith mhí Mheán Fómhair na bliana seo, déanfar tástáil phíolótach ar rogha idir tráchtaireacht i nGaeilge nó i mBéarla leis an gcraoladh teilifíse ar chluichí ceannais na hÉireann,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Easnamh ar phlean gníomhaíochta Gaeilge RTÉ, dar leis an gConradh'