Easaontas idir RTÉ agus Coiste Oireachtais faoi líomhaintí maidir le sárú cearta Gaeilge

Tá gearán oifigiúil déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge leis an gCoimisinéir Teanga faoi chomhfhreagras i mBéarla a fuarthas ó RTÉ

Tá easaontas idir RTÉ agus Coiste Oireachtais na Gaeilge faoi líomhaintí gur sháraigh an craoltóir an reachtaíocht teanga trí chomhfhreagras a dhéanamh leis an gcoiste i mBéarla.

Tá gearán oifigiúil déanta ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta leis an gCoimisinéir Teanga faoi chomhfhreagras i mBéarla a fuarthas ó RTÉ roimh chruinniú faoi thodhchaí Raidió na Gaeltachta.

Deir RTÉ áfach gur bhain an comhfhreagras Béarla le heolas faoin gcruinniú a seoladh ar aghaidh i ndiaidh do bhall foirne de chuid Thithe an Oireachtais é a lorg ar an bhfón. Deir RTÉ gur i mBéarla a bhí an glaoch gutháin sin agus gur i nGaeilge a freagraíodh aon chomhfhreagras i nGaeilge a fuarthas ón gComhchoiste.

Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag duine den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi i scríbhinn ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.

Cé nach bhfuil glaonna fóin i gceist sa chuid sin den reachtaíocht, sa chás go mbeadh baint ag glaoch fóin le comhfhreagras ar cuireadh tús leis i nGaeilge d’fhéadfadh go dtiocfadh sárú reachtaíochta i gceist mura leanfaí i nGaeilge leis an gcomhfhreagras sin i ndiaidh an ghlaoigh.

Ag tús an chruinnithe de chuid an Choiste Oireachtais an tseachtain seo, chuir Cathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly in iúl don toscaireacht a bhí i láthair ó fhoireann bainistíochta Raidió na Gaeltachta agus RTÉ go raibh díomá uirthi gur i mBéarla a bhí an comhfhreagras a fuarthas ó RTÉ roimh an gcruinniú.

Mhol urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go ndéanfadh an coiste gearán oifigiúil leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéal toisc go raibh an comhfhreagras a fuair an  coiste “in aghaidh an dlí”.

Chuir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín, tvuít amach i ndiaidh an chruinnithe chomh maith inar dhein sé cáineadh láidir ar RTÉ agus inar thug sé le fios gur i mBéarla amháin a bhí an comhfhreagras ó RTÉ faoin gcruinniú.

Dheimhnigh Cléireach choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán do Tuairisc.ie tráthnóna inné go raibh gearán oifigiúil faoin scéal déanta ag an gcoiste leis an gCoimisinéir Teanga.

Dealraíonn sé anois go bhfuil easaontas idir RTÉ agus baill an choiste faoi na líomhaintí ag cruinniú na seachtaine seo agus go bhfuil RTÉ ag séanadh go raibh aon sárú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gceist leis an gcomhfhreagras i mBéarla.

I ráiteas a chuir RTÉ ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal, dúradh gur ghlac RTÉ “go han-dáiríre” leis an méid a dúradh i leith comhfhreagras i mBéarla ag an gcruinniú.

“Is é polasaí RTÉ é go ndéantar aon chomhfhreagras i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge agus seoladh comhfhreagras i nGaeilge chuig Comhchoiste na Gaeilge, Gaeltachta agus Oileáin ó oifig an Phríomh-Stiúrthóra agus ó oifig an Ghrúpcheannasaí Gaeilge maidir leis an gcuireadh a fuair RTÉ teacht os comhair an Chomhchoiste ar an 23 Deireadh Fómhar 2018.

“Glacann RTÉ go han-dáiríre leis an méid a dúradh i leith comhfhreagras i mBéarla ag an gComhchoiste agus tar éis an cheist a fhiosrú, tuigtear go raibh comhfhreagras gutháin i mBéarla idir duine a bhí ag fiosrú eolas tinrimh thar ceann an Chomhchoiste agus fostaí de chuid RTÉ, agus gur seoladh an t-eolas a bhí ag teastáil, bunaithe ar an gcomhrá sin, chuig an duine sin i mBéarla. 

“Tuigtear dúinn, áfach, gur tugadh freagra i nGaeilge ar aon chomhfhreagras a tháinig ón gComhchoiste i nGaeilge.”

Fág freagra ar 'Easaontas idir RTÉ agus Coiste Oireachtais faoi líomhaintí maidir le sárú cearta Gaeilge'

  • Magaoidh

    @Peadar Tóibín
    Nach “After-thought hobby” na “cúpla focal” a bhí ar na litreacha um thoghchán i mBéarla ó Shinn Féin.?

  • M.Breathnach

    Cé hiad na TD a bhí as láthair?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuige a bhfuil Peadar Tóibín ag tvuíteáil i mBéarla fá ábhar Gaeilge??

    Agus cad chuige a bhfuil scairteanna gutháin á dhéanamh i mBéarla le RTÉ ón gcomhchoiste Gaeilge?? Nach cuir i gcéill atá ar siúl anseo? Uair amháin a fhágtar seomra na comhdhála tiompaítear ar an Bhéarla! Nach bhfuil polaiteoirí an stáit seo ag déanamh a leithéid le blianta fada? – Úsáid an Ghaeilg nuair a bhíonn na meáin agus na ceamaraí thart ach bí cinnte do ghnóithe a dhéanamh i mBéarla – go háirithe má chuidíonn sé le toradh níos gaiste a fháil..

    “Is é polasaí RTÉ é go ndéantar aon chomhfhreagras i nGaeilge a fhreagairt i nGaeilge…”

    Nach bhfuil sé intuigthe ag RTÉ faoin am seo gur cheart teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí agus coistí Gaeilge TRÍ MHEÁN NA GAEILGE agus gan feidhm dhul i gcomhairle dlíthe?? Tá an amaidí seo ar bun in achan eagraíocht stáit sa tír – fan go n-iarrann an eagraíocht/ball pobail a g(h)nóithe a dhéanamh trí Ghaeilg ach ná cuir ceist roimh ré agus ná déan aon obair bhreise chun an pobal/eagraíocht a mhealladh leis an Ghaeilg a labhairt leat/libh.

    Dochreidthe