Easaontas i bhFianna Fáil faoi rabhadh sláinte Gaeilge ar dheochanna meisciúla

Tá éiginnteacht ann faoi mholadh go mbeadh rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla i nGaeilge agus i mBéarla

Easaontas i bhFianna Fáil faoi rabhadh sláinte Gaeilge ar dheochanna meisciúla

Tá easaontas i bhFianna Fáil mar gheall ar chur chuige an pháirtí i leith leasú reachtaíochta nua a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ar dheochanna meisciúla.

Thug urlabhraí sláinte Fhianna Fáil le fios inniu go ligfeadh an páirtí do rabhadh sláinte a bheith i mBéarla amháin ar dheochanna meisciúla sa chás go gcuirfeadh a leithéid an Bille Sláinte Phoiblí nua i mbaol.

Ach deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach baol ar bith don reachtaíocht an leasú faoin nGaeilge agus go bhfuil sé i gceist aige labhairt le Stephen Donnelly faoin scéal.

Stephen Donnelly féin a mhol an leasú ar an reachtaíocht nua a chuirfeadh iallach ar chomhlachtaí dí rabhadh sláinte a chur ar a gcuid táirgí.

Ach dúirt Donnelly go dtarraingeofaí siar an leasú faoin nGaeilge sa chás go mbeadh baol ann “dáiríre” i dtaobh reachtú an Bhille nua.

Dúirt a chomhghleacaí Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie go raibh sé i gceist aige ceist an leasaithe ar an mBille a phlé le hurlabhraí sláinte an pháirtí.

Dúirt Ó Cuív “nach raibh aon cheist go gcuirfeadh an tAontas Eorpach bac ar an riachtanas dátheangach agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais”.

Dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin Louise O’Reilly gur “smaoineamh maith” a bhí ann go mbeadh an rabhadh sláinte ar dheochanna meisciúla i nGaeilge agus gur chóir an scéal a réiteach ar bhealach nach gcuirfeadh moill ar an reachtaíocht nua.

“Is iontach an rud é más amhlaidh go bhfuil grá nua anois acu [Fianna Fáil] don Ghaeilge,” a dúirt Louise O’Reilly agus í ag tagairt don leasú a mhol Stephen Donnelly.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie go raibh “an ceart” ag Stephen Donnelly an leasú a mholadh agus “gur chóir dó cloí leis anois”.

Ag labhairt dó leis an Irish Times, áfach, dúirt Donnelly gur phléigh sé leis an Aire Sláinte Simon Harris nithe a d’fhéadfadh moill a chur leis an mbille agus thug sé le fios gur luadh sa phlé sin an leasú a d’fhágfadh go mbeadh rabhadh sláinte dátheangach ar dheochanna meisciúla.

“Má léirítear agus tuilleadh plé á dhéanamh faoi seo sa Dáil leis [an tAire Sláinte] gurbh amhlaidh go bhfuil baol dáiríre ann d’fheidhmiú an Bhille, tarraingeoidh mé siar an leasú,” a dúirt urlabhraí sláinte Fhianna Fáil.

De réir na dréachtreachtaíochta nua chuirfí rabhadh ar aon phacáistiú nó fógraíocht a bhaineann le deochanna meisciúla. Thabharfaí le fios sa rabhadh sláinte sin go bhfuil nasc idir alcól agus ailsí marfacha. Dá dtabharfaí an reachtaíocht nua isteach, bheadh Éire ar an gcéad tír ar domhan ina mbeadh a leithéid de rabhadh sláinte i bhfeidhm inti.

Fág freagra ar 'Easaontas i bhFianna Fáil faoi rabhadh sláinte Gaeilge ar dheochanna meisciúla'

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Dochreidte go mbeadh drogall ar Ghael ar bith le hionadaíocht chothrom ar theanga dhúchais na tíre s’againn ar mhaithe le cosaint na sláinte MAR DHEA