Easaontais Gáis ag scoilt Aontas na hEorpa?

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag na Sasanaigh nuair a deir siad gur chóir an tAontas a choinneáil mar aonad eacnamaíochta amháin agus an pholaitíocht a fhágáil ag na tíortha féin

oil russia

Tá easaontas idir cumhachtaí móra an Aontais Eorpaigh maidir le gás na Rúise ag dul in olcas ó chuir Uachtarán Chomhairle an Aontais, Donald Tusk, in iúl go dtacaíonn sé le gearán atá déanta ag an Iodáil i gcoinne na Gearmáine.

Tá Príomh-Aire na hIodáile, Matteo Renzi ar buile toisc gur rialaigh Coimisiún na hEorpa go raibh an fiontar a dtugtar an Sruth Theas air in aghaidh rialacha comórtais an Aontais, cé nach bhfuil aon chinneadh den chineál céanna déanta ag an gCoimisiún i dtaobh an fhiontair eile a dtugtar an Sruth Thuaidh air.

Tá préamhacha na raice seo, agus na bhfiontar gáis, le fáil sa ngéarchéim idir an Úcráin agus an Rúis. Tá an Úcráin go mór i bhfiacha don Rúis i dtaobh gáis nár íocadh as agus tuilleadh gáis a goideadh as na píblínte a théann tríd an tír sin go dtí lár na hEorpa.

Ar ndóigh, nuair a tháinig rialtas frith-Rúiseach i gceannas na hÚcráine le coup d’état, ghlac an Rúis seilbh iomlán ar an gCrimé tar éis do phobal an cheantair sin vótáil go láidir ar son imeacht ón Úcráin agus filleadh ar an Rúis.

Chuir na tIarthar smachtbhannaí i bhfeidhm i gcoinne na Rúise, ach tá an Eoraip, agus an Ghearmáin go háirithe, ag brath go mór ar ghás na Rúise mar fhoinse fuinnimh.

Bhí an Rúis ag lorg bealaí eile ansin le gás a sholáthar don Eoraip, agus ba é an chéad phlean chuige sin ná na píblínte fothoinn nua a thógáil díreach ón Rúis go dtí an Bhulgáir, agus uaithi sin ar aghaidh go dtí an Ungair agus an Ghearmáin.

Chabhródh an Sruth Theas seo go mór leis an Iodáil freisin, a chuir infheistíocht mhór isteach sa bhfiontar, ach rialaigh an Coimisiún gur sháraigh an fiontar na rialacha comórtais ar an údar nach raibh ach comhlacht amháin, is é sin, an comhlacht Rúiseach ollmhór, Gazprom, le leas a bhaint as an bhforbairt agus gás a sholáthar.

Nuair a tharraing an Bhulgáir amach as an bhfiontar de bharr brú ó na Stáit Aontaithe, cuireadh deireadh leis an bplean sin agus fágadh an Iodáil faoi mhíbhuntáiste.

Ansin chinn na Rúisigh ar phíblíne a thógáil tríd an Tuirc, go dtí an Ghréig agus ar aghaidh go dtí an Eoraip: tugtar an Sruth Tuirce air seo. Ní raibh infheistíocht ón Eoraip riachtanach don phlean seo, ach nuair a chuaigh an caidreamh idir an Rúis agus an Tuirc chun donais de bharr gur leag na Tuircigh eitleán cogaidh Rúiseach os cionn na Siria, b’éigin an plean sin a chaitheamh i dtraipisí freisin.

Níl fágtha anois ach an Sruth Thuaidh, píblíne a théann díreach ón Rúis thíos faoin Muir Bhailteach go dtí an Ghearmáin, ag seachaint na hÚcráine, na Polainne is na dtíortha Bailteacha go léir.

Tá infheistíocht mhór déanta ag an nGearmáin sa bhfiontar seo, agus tá iarshainsailéar na Gearmáine, Gerhard Schroeder, ar bhord stiúrtha an fhiontair.

Ach dúirt Matteo Renzi na hIodáile go bhfuil an fiontar seo díreach cosúil leis an Sruth Theas, sa gcaoi is nach mbeidh ach comhlacht amháin, Gazprom arís, ag baint leasa as an bpíplíne is ag solathar an gháis.

Cén fáth, a dúirt sé, go bhfuil an Coimisiún ag cur stop le fiontar a mbainfidh an Iodáil leas as ac nach bhfuil siad ag cur isteach ar fhiontar atá díreach cosúil leis, a mbainfidh an Ghearmáin leas as?

Idir an dá linn, tá sé ráite ag Uachtarán Chomhairle na hEorpa, agus iar-Phríomh-Aire na Polainne, Donald Tusk, go sáraíonn an Sruth Thuaidh na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm ag an Eoraip i gcoinne na Rúise.

Mar fhreagra ar an méid sin, tá Angela Merkel na Gearmáine ag maíomh gur fiontar príobháideach atá i gceist agus nach bhfuil aon pháirt ag a rialtas sa scéal. Mar sin féin, tá sí ag cur go láidir in aghaidh aon rialú ón gCoimisiún go mbeadh an fiontar seo in aghaidh rialacha comórtais an Aontais faoi mar a bhí an Sruth Theas.

Is cosúil go bhfuil riail amháin ann do thír amháin agus riail eile i gceist do na tíortha eile.

Go deimhin, tá an raic seo ag tarlú agus ceisteanna eile ag bagairt ar aontacht an Aontais – fadhb na dteifeach agus smacht na dtíortha ar a gcuid teorainneacha féin.

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag na Sasanaigh nuair a deir siad gur chóir an tAontas a choinneáil mar aonad eacnamaíochta amháin agus an pholaitíocht a fhágáil ag na tíortha féin.

Fág freagra ar 'Easaontais Gáis ag scoilt Aontas na hEorpa?'