Éagumas agus éiginnteacht –galar Stormont tógálach

Má bhí éinne ag dréim le Plean B chun a dhul i ngleic leis an teip ar Stormont bhí thiar orthu

Éagumas agus éiginnteacht –galar Stormont tógálach

Éagumas agus éiginnteacht: is cosúil go bhfuil galar Stormont tógálach. Ba chosúil go raibh an aicíd chéanna tolgtha ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Karen Bradley nuair a labhair sí sa Pharlaimint i Westminster Dé Luain. Má bhí éinne ag dréim le Plean B chun a dhul i ngleic leis an teip ar Stormont bhí thiar orthu. Déanfar a thuilleadh comhairliúcháin – go deimhin déanfar comhairliúchán faoi chomhairliúchán a rinneadh cheana.

Tugadh le fios roimh ré go ndéanfadh an Státrúnaí Karen Bradley fógra faoi chiorrú pá na dTeachtaí Tionóil i ngeall ar an bhfolús i Stormont, beart a bhí á éileamh ag ‘an bpobal’. Cuireadh moilleadóireacht agus easpa misnigh i leith an Státrúnaí ach thar aon ní ba léir nach raibh aon chinneadh déanta, seachas ceisteanna a chur ar an méar fhada. Sa mhullach ar an míshuaimhneas faoin éiginnteacht chothaigh cur chuige rialtas na Breataine imní faoina dtiomantas do Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Ní dhéanfadh sí aon bheart maidir le pá go dtí go ngabhfadh sí i gcomhairle leis na páirtithe, a dúirt Bradley. Comhairliúchán eile d’ainneoin tuairisc a bheith curtha ar fáil anuraidh do réamhtheachtaí Bradley, James Brokenshire. Thairis sin, bhí comhairle dlí á fáil aici faoi mholtaí eile chun déileáil leis an teip i Stormont. Is tábhachtaí go mór fada agus is tromchúisí na ceisteanna faoi conas a láimhseálfar an folús ná an cinneadh faoi phá. Ar ndóigh, d’fhéadfadh ciorrú ar phá brú ollmhór a chur ar pholaiteoirí áirithe agus bheadh baol ann go gcaithfeadh daoine a bhfuil freagracht agus cúraimí tromchúiseacha orthu, páistí nó seandaoine, cuir i gcás, imeacht as an bpolaitíocht chun obair eile a fháil. Ba bhoichte an tsochaí dá n-imeodh cuid acu.

Thagair an Státrúnaí Bradley áfach do “shocruithe eile” chun ról a thabhairt do na Teachtaí Tionóil. Gheall sí go leanfadh sí lena hiarrachtaí chun an tsáinn a fhuascailt – gan aon tagairt do ráitis ón DUP le seachtain gur beag seans go bhféadfaí Stormont a athnuachan i mbliana. Gheall sí freisin go raibh sí tiomanta do Chomhaontú Aoine an Chéasta ach dúirt sí, mar sin féin, go mbeadh sé mífhreagrach malairt socruithe a chur as an áireamh.

Cé na socruithe? Córas a cheadódh do na Teachtaí Tionóil cinntí agus iniúchadh a dhéanamh fiú gan Feidhmeannas a bheith ag feidhmiú? Scáth-Thionól de shórt éigin, is cosúil. Conas a dhéanfadh siad cinntí d’uireasa Airí? Nó arbh airí as Westminster a dhéanfadh iad – i gcomhairle le Teachtaí Tionóil nó Coistí i Stormont? Tá múnla den chineál sin á mholadh ag Alliance, moladh a deir siad atá á scrúdú ag an Státrúnaí. Thaitneodh sé go mór leis an DUP Stormont a bheith acu agus gan roinnt na cumhachta a bheith i bhfeidhm i bhFeidhmeannas agus iad féin a bheith ag imirt tionchair i Westminster.

Is deacair a shamhlú conas a bheadh aon ghlacadh ag náisiúnaithe leis. Baineadh triail as a leithéid sna hochtóidí agus rinne an SDLP baghcat air. Ní aithníonn sé ról ar bith don Rialtas i mBaile Átha Cliath. Céard faoi éileamh Rialtas na hÉireann, Sinn Féin agus an SDLP ar chruinnithe den Chomhdháil Idir-Rialtasach? Níor dhúirt an Státrúnaí smid faoi sin.

I súile náisiúnaithe, sárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheadh sna socruithe difriúla; ta sé ráite go mion minic ag Sinn Féin agus an SDLP, agus is annamh iad ar an bport céanna, nach nglacfaidís le riail dhíreach ón mBreatain amháin.

Ar ndóigh sheachain an Státrúnaí an téarma ‘riail dhíreach’ chomh maith. Tá an DUP den bharúil gur réiteach den scoth a bheadh sa riail dhíreach – i gcomhar leo féin i Westminster. Bua sa bhreis a bheadh ann a gcuid Teachtaí Tionóil a bheith in ann freastal ar Stormont fiú mura mbeadh aon chúram reachtaíochta orthu.

Cháin Sinn Féin an Státrúnaí agus an rialtas Caomhach as a mí-éifeacht. Dúirt Conor Murphy, duine d’fhoireann idirbheartaíochta Shinn Féın, go raibh rialtas na Breataine faoi chuing an DUP ag diúltú do chearta teanga, do chearta pósta agus d’ionchoisní. Faoi chonarthaí idirnáisiúnta, tá dualgas ar rialtas na Breataine na cearta sin a dheimhniú, a deir Murphy. D’éiligh sé arís ar an Taoiseach agus ar an bPríomh-Aire Theresa May a dhul i mbun oibre sa chomhdháil idir-rialtasach. Ní bheadh socrú ar bith eile inghlactha, dar leis.

Is cosúil go bhfuil rialtas na Breataine ag tarraingt na gcos maidir leis an gcomhdháil sin chomh maith le beart ar bith eile. I bhfianaise thacaíocht an DUP do rialtas Theresa May ní theastaíonn ó na Tóraithe guagacht a chothú san DUP faoi ról a bheith ag Baile Átha Cliath i ngnóthaí Thuaisceart Éireann. Ar an láimh eile, ní theastaíonn uathu an caidreamh le Leo Varadkar agus rialtas na hÉireann a chur as a riocht ar fad tráth a bhfuil siad ag brath ar chabhair nó comhoibriú maidir leis an mBreatimeacht. Ní ribín réidh é.

Fág freagra ar 'Éagumas agus éiginnteacht –galar Stormont tógálach'