Eagrán speisialta d’iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael seolta don Nollaig

Cuirtear Cuaille ar fáil saor in aisce ar líne agus míreanna ann do ghasúir agus do dhaoine fásta

Eagrán speisialta d’iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael seolta don Nollaig

Tá eagrán speisialta na Nollag d’iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael seolta. 

Cuirtear Cuaille ar fáil saor in aisce ar líne uair sa ráithe agus míreanna ann do ghasúir agus do dhaoine fásta.

I measc an ábhair atá in eagrán na Nollag, tá ailt ag cur síos ar churaidh na hÉireann 2021, peileadóirí Thír Eoghain agus iománaithe Luimnigh, chomh maith le píosa ag breathnú siar ar bhua Loch Garman i gCraobh Iomána na hÉireann 1996. Tá agallamh freisin le Colm Ó Neasa ó Chumann Carna-Caiseal ag cur síos ar an leabhar a foilsíodh le deireanaí faoi stair an chumainn, Ón Dumhach go dtí an Plantation.

Tá sraith ceisteanna curtha chomh maith ar imreoirí idirchontae. Eoin Ó Cearúill, peileadóir le hUíbh Fhailí, a d’fhreastail ar Choláiste Lurgan i gConamara le linn a óige, agus Diarmaid Carney, atá ar fhoireann iomána an Chabháin atá i mbun n bhfreagraí an uair seo.

Tá crosfhocal agus cuardach focal ann do na gasúir chomh maith le cleachtaí a chuirfidh feabhas ar a gcuid scileanna peile agus iomána.

Tá eagrán na Nollag de Cuaille ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Eagrán speisialta d’iris Ghaeilge Chumann Lúthchleas Gael seolta don Nollaig'