Tá éagóir a rinneadh ar oibrithe Éireannacha nuair nár tugadh aitheantas don mhéid a rinne siad i dtógáil na ndambaí is na dtollán in Albain le cur ina ceart de thoradh ar cheisteanna a chuir ball de pharlaimint na hAlban faoin scéal.
Thug cuid mhaith fear óg ó Ghaeltacht Thír Chonaill agus ó iarthar Mhaigh Eo aghaidh ar Albain tar éis an Dara Cogadh Domhanda chun dul i mbun obair thógala ar thionscnaimh le leictreachas a ghinniúint, ach fágadh ar lár iad nuair a bhí aitheantas oifigiúil á thabhairt don obair sin.
I leabhrán agus in ionad mínithe de chuid bhord leictreachais na hAlban (SSE), déantar tagairtí ann don obair a rinne muintir na Seice, na Polainne agus na Gearmáine, ach ní luaitear muintir na hÉireann ann beag ná mór.
Tá an éagóir sin le cur ina ceart anois cé nár tugadh aon mhíniú ar an gcúis a bhí leis an chéad lá riamh.
Is í an Teachta Parlaiminte, Annabelle Ewing, ó Pháirtí Naisiúnta na hAlban, a tharraing aird ar an easpa aitheantais seo i dtosach báire agus tá fáilte curtha aici roimh fhógra an SSE.
Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuiltear chun an fhaillí seo a leasú nuair a fhoilseofar eagrán nua den leabhrán agus go dtabharfar a gceart do na fir óga Éireannacha a d’imigh sall an aimsir úd. B’as Gaoth Dobhair, Cloch Cheann Fhaola, Na Rosa, Árainn Mhór agus Acla Mhaigh Eo cuid mhór acu.
Tabharfar aitheantas freisin dóibh in Ionad Cuimhneacháin atá le tógáil ar chostas £4 mhilliún i mBaile Chloichridh (Pitlochry) i lár na hAlban agus a bhfuil cead pleanála faighte lena aghaidh le déanaí.
Teachta eile a d’fháiltigh roimh an scéal is ea Mary Scanlon, a raibh beirt uncailí léi de shliocht Uí Dhónaill as Tír Chonaill ag obair ar na dambaí i bPertshire agus ar na Garbhchríocha i gcaitheamh na gcaogaidí.
Dúirt Ewing gur ghá aitheantas ceart a thabhairt “do na fir chrua sin, agus don íobairt mhór a rinne siad, a d’fhág gur chlis ar a sláinte nó, i roinnt cásanna, a d’fhág gur cailleadh iad”.
Faoin scéim leictreachais seo, tógadh faoi chnoic is faoi shléibhte fud fad na tíre 56 damba 600 cilliméadar ar fhad. Is de bharr a gcroí is a n-anam a bheith tugtha don obair acu a tugadh ‘Tíogair na dtollán’ nó na “Tunnel Tigers” ar na fir a bhí ag obair iontu.
Thochail buíon acu, a bhí lonnaithe in Lednock, 557 troigh laistigh de sheachtain i 1955, gaisce nach raibh déanta ag dream ar bith rompu áit ar bith ar domhan.
Dúirt an staraí áitiúil, Pádraig Ó Baoill, arb as na Rosa dó féin, go raibh “thar míle duine fostaithe ann agus saothar airgid mór le dáil a chuir le geilleagar a nGaeltacht féin sa bhaile.”
Dá ainneoin sin, ní raibh “an tsábháilteacht” a bhí riachtanach curtha ar bun.
“Maríodh cúige cloigne déag i Loch Awe. Bhí an bhodhaire ag cur isteach ar mhórán acu agus aicíd na scamhán ar chuid eile. Rinne na Tunnel Tigers obair dhochreidte ag tochailt fríd na cnoic agus dúirt preas na Breataine gurbh é an éacht ba mhó é a rinneadh d’obair láimhe riamh sa Bhreatain.”
Dúirt staraí áitiúil eile, Tomás Mac Sheáin, as Oileán Acla, a thug tamall ag obair ar na tolláin thall é féin, “murach an imirce shéasúrach, ní bheadh an oiread in Acaill is atá”.