Éagóir airgeadais á déanamh ag na páirtithe polaitíochta ar an aos óg

Idir phinsin agus tithíocht, tá seachantacht agus meatacht na bpolaiteoirí soiléir ar cheist na bpinsean

Éagóir airgeadais á déanamh ag na páirtithe polaitíochta ar an aos óg

Níl páirtí polaitiúil sa tír a déarfadh nach féidir pinsean réasúnta agus áit chónaithe a sholáthar do dhaoine aosta. Ní dheimhníonn tost cinnteacht áfach, maidir leis an todhchaí go háirithe.

Cíorfar cúrsaí pinsin níos faide ar aghaidh sa cholún seo. Roimhe sin, áfach, is fiú tagairt do réamhaisnéis thábhachtach ar chúrsaí tithíochta a pléadh i rith na seachtaine ag seimineár a reáchtáil an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) ar ar fhreastail scríbhneoir an cholúin seo.

Léirigh taighdeoirí na hInstitiúide an laghdú mór atá ar an gcéatadán den daonra a bhfuil tithe/árasáin dá gcuid féin acu: ó 60 faoin gcéad in 2004 go dtí 27 faoin gcéad in 2019. Tá an claonadh ag dul i dtreise ó shin ach is tábhachtaí ar go leor bealaí an meastachán a rinne údair na tuairisc anseo  maidir le cúrsaí tithíochta amach anseo.

Tá nócha faoin gcéad den aoisghrúpa atá os cionn 65 faoi láthair ina gcónaí ina dtithe/árasáin féin, ach meastar sa tuairisc go laghdóidh an céatadán go mór amach anseo. Ní bheidh ach 65 faoin gcéad den aoisghrúpa atá idir 35 agus 44 bliain faoi láthair ábalta áit chónaithe a cheannach agus beidh an céatadán níos ísle fós i gcás daoine atá níos óige.

 Dúirt Anne Nolan, duine d’údair na tuairisce, nach úinéireacht do chách a bhí á moladh acu. Is éard a bhí fúthu a dhéanamh, a dúirt sí, aird a tharraingt ar na beartais a theastódh chun déileáil leis an mór-athrú ar chúrsaí tithíochta atá faoi lán seoil cheana féin.

Chuir sí béim ar phríomhthorthaí an chlaonta atá á thuar ag na húdair.

Méadú mór, dar léi:

Ar líon na ndaoine a bheidh ag lorg tithe/árasáin ar cíos

Ar líon na ndaoine a bheidh i mbaol bochtaineachta

Ar an gcaiteachas stáit a bheidh riachtanach dá bharr.

Ba chóir go spreagfadh an tuairisc seo dianmhachnamh ar na polasaithe, nó an easpa polasaithe, ar léir cheana féin a dtionchar ar an ngéarchéim tithíochta, go háirithe ar thithíocht ar cíos.

Is ar bhealach indíreach a léirigh réamhaisnéis an ESRI an chontúirt a bhaineann le neamhthoil na bpáirtithe go léir déileáil le dúshlán na bpinsean stáit, ainneoin é a bheith pléite agus athphléite le fada.

Is féidir an dúshlán a mhíniú i mbeagán focal. Tá an meánfhad saoil ag méadú. Nó i nglanGhaeilge, is faide ná riamh saolré an ghnáthdhuine.

Tá thart ar cheathrar oibrithe in aghaidh gach pinsinéara sa stát faoi láthair. In 2051, de réir na meastachán nach séantar, ní bheidh ach thart ar bheirt oibrithe sa stát in aghaidh gach pinsinéara.

Mura n-athraítear an córas ar dhóigh éigin, measann achtúirí an rialtais go mbeidh easnamh €2.3 billiún i scéim phinsin an stáit in 2031 agus go rachaidh an cúrsaí airgeadais in olcas go leanúnach as sin ar aghaidh.

Ní haon rún é an t-athrú a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar an dea-chlaonadh seo: meascán dardú ar ranníocaíochtaí PRSI agus srian de chineál éigin ar chaiteachas an stáit ar phinsin.

Bhí ardú ar an aois ag a n-íoctar an pinsean stáit ó 66 go 67 ina chnámh spairne le linn an fheachtais toghcháin. Bhí Fine Gael ina fhabhar, an Lucht Oibre ina choinne (ainneoin iad a bheith i gcomhrialtas le Fine Gael nuair a rinneadh an cinneadh in 2014), agus na páirtithe eile ina choinne.

Bhunaigh an rialtas reatha coimisiún leis an ábhar a bhreithniú. Mhol an Coimisiún athruithe a raibh méadú ar ranníocaíochtaí PRSI, ardú de réir a chéile ar bhun-aois an phinsin ó 66 go dtí 68 idir 2028 agus 2039, agus feabhas ar na sochair stáit a d’íocfaí idir éirí as obair agus céad-íoc an phinsin.

Phléigh coiste uilepháirtí moltaí an choiste. Dhiúltaigh siad dardú ar bith ar aois an phinsin agus mhol siad athruithe ar an gcóras PRSI arbh léir láithreach nach gclúdódh siad an méadú ar an chostas pinsin atá romhainn.

Dála an scéil ní ardú ach ísliú ar aois an phinsin atá molta ag Sinn Féin, ach níl córas inchreidte chun íoc as sin fógartha ag an bpáirtí fós.

Tá cinneadh geallta ag an rialtas sa bhfómhar ach dfhógair an Taoiseach Dé Céadaoin nár chóir bun-aois an phinsin stáit a ardú ó 66 bliain. Dar leis go mbeadh ardú “measartha” ar ranníocaíochtaí riachtanach amach anseo.

Neosfaidh an aimsir an ndéanfaidh an rialtas cinneadh a thabharfaidh aghaidh dáiríre ar chostais bhreise an phinsin nach féidir a sheachaint. Is é sin má táthar chun fóirithint go cothrom ar aos óg na linne seo nuair a rachaidh siad in aois.

Faoi láthair faraor, idir phinsin agus tithíocht, tá seachantacht agus meatacht na bpolaiteoirí soiléir. Mar aon leis an nath a thuilleann a bhformhór:

Mol an óige agus tiocfaidh siad ar thuiscint ar ball ar an éagóir a rinne an ghlúin seo orthu.

Fág freagra ar 'Éagóir airgeadais á déanamh ag na páirtithe polaitíochta ar an aos óg'

  • Eoin Ó Murchú

    Dá gcruthódh muidr córas tithiochta soisialta dheimhneódh teach nó árasán a bheith ag gach duine agus é no í ina sheanaois no seanaois gan a bheith ag brath ar an rannog príobháideach ní bheadh baol na bochtaineachta cómh mor. Ach má fhagann muid ionad conaithe ar cíos i lámha an rachmais, ní fhéadfadh an bhochtaineacht a sheachaint.