Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ ag éirí as tar éis tréimhse 10 mí sa phost

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil fear an Daingin ag éirí as an mhí seo chugainn chun filleadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua

 

Aodh O Coileain

Tá Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta, Aodh Ó Coileáin, ag éirí as a phost deich mí i ndiaidh a cheapacháin.

Tháinig Ó Coileáin i gcomharbacht go hoifigiúil ar Ghearóid Mac Donncha mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ RnaG ar an 13 Aibreán 2015, deich mí ó shin.

Ní raibh Ó Coileáin i measc na ndaoine a chuir isteach ar an bhfolúntas nuachta nuair a fógraíodh é, ach shocraigh lucht bainistíochta an stáisiún dul sa tóir ar dhaoine eile nuair nár éirigh leis na hiarrthóirí a rinne agallaimh don phost.

Féachfar anois ar imeacht an eagarthóra nuachta mar bhuille do bhainistíocht RTÉ RnaG.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil fear an Daingin ag éirí as an mhí seo chugainn chun filleadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, áit a raibh sé ina léachtóir le cumarsáid sular bhog sé go dtí stáisiún Chasla.

Tá Ó Coileáin ag éirí as ag tráth a bhfuil athruithe bunúsacha á mbeartú ar sceideal an stáisiúin; ar phríomhchlár na maidine Adhmhaidin agus ar chraoladh na bhfógraí báis i gcaitheamh an lae.

Ó thosaigh Ó Coileáin sa phost bhí baint lárnach aige leis an bplé atá ar bun i gCasla faoi na hathruithe atá á mbeartú ar an gclár Adhmhaidin.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur chothaigh na moltaí seo sin roinnt conspóide sa stáisiúin.

Bhí roinnt cruinnithe le tamall anuas idir lucht bainistíochta an stáisiúin agus an fhoireann maidir leis na hathruithe ar an gclár maidine, agus níor chuir cuid den fhoireann mórán fáilte roimh chuid de na moltaí.

Idir an dá linn, dúirt Riarthóir Léann na Cumarsáide san Acadamh, Uinsionn Mac Dubhghaill, le Tuairisc.ie go raibh áthas air go raibh Ó Coileáin ag filleadh ar a phost mar Fheidhmeannach Cumarsáide.

“Is duine ildánach agus léannta é Aodh a bhfuil taithí fhairsing aige i réimsí éagsúla na meán, idir an chraoltóireacht raidió agus teilifíse, an iriseoireacht agus an scéalaíocht físe,” a dúirt Mac Dubhghaill.

Tá Ó Coileáin, ar ón Daingean i gCiarraí ó thús dó, ag plé leis na meáin ó thosaigh sé ag obair le Radio Kerry ag tús na nóchaidí.

D’oibrigh sé mar Eagarthóir Nuachta le TG4 ó 1996 go dtí 2003.

Tá taithí fhada chomh maith aige ar chláracha teilifíse a dhéanamh.

I measc na gcláracha atá déanta ag fear an Daingin, tá Sin í an Fhírinne: Johnny Chóil Mhaidhc, agus Litir Ó Mháirtín Jaimsie. Ainmníodh a chlár faisnéise Cúba: Sláinte Mhaith? do Ghradam IFTA.

Beidh scannán faisnéise nua leis, Fís na Fuiseoige, a chaitheann súil an ealaíontóra ar logainmeacha Gaeilge na hÉireann á thaispeáint don chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath atá ar siúl ag deireadh na míosa seo.

Fág freagra ar 'Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RTÉ ag éirí as tar éis tréimhse 10 mí sa phost'