‘Keep Irish out’ – eachtra inar crochadh póstaer frithGhaeilge lasmuigh de scoil á fiosrú mar choir fuatha

Is é a bhí ar an bpóstaer a crochadh lasmuigh de Bhunscoil Cumran ar an Chloch ná éileamh nach múinfí an Ghaeilge sa scoil

‘Keep Irish out’ – eachtra inar crochadh póstaer frithGhaeilge lasmuigh de scoil á fiosrú mar choir fuatha

Deir an PSNI go bhfuil eachtra inar crochadh póstaer frithGhaeilge lasmuigh de scoil i gcontae an Dúin á fiosrú acu mar “coir fuatha sheictigh”.

Is é a bhí ar an bpóstaer a crochadh lasmuigh de Bhunscoil Cumran ar an Chloch ná éileamh nach múinfí an Ghaeilge sa scoil.

Tugadh le fios chomh maith ar an bpóstaer nach raibh aon fháilte i scoil na Cloiche roimh daoine as iar-bhunscoil scoil Chaitliceach atá lonnaithe i gCaisleán Uidhilín.Bhí ionadaithe ón scoil sin, St. Malachy’s i láthair ag lá oscailte a bhí ar siúl sa bhunscoil ar an Chloch le déanaí.

“Coinnigh an Ghaeilge amach as seomraí ranga ár bpáistí. Níl fáilte roimh St Malachy’s in CPS [Cumran Primary School]. Sínithe [ag], tuismitheoirí!”

Dúradh i ráiteas ón Bhunscoil gur baineadh anuas an póstaer láithreach agus go raibh sé “ríthábhachtach” don scoil go léireofaí meas ar an uile dhuine.

“Táimid ar an eolas faoi phóstaer a crochadh ar thailte na scoile Dé Luain, an 30 Eanáir. Nuair a fuaireamar an scéal baineadh anuas an póstaer láithreach,” a dúradh i ráiteas na scoile.

Dúradh sa ráiteas gur thacaigh scoil na Cloiche le cur chuige oideachais a thacaíonn le daoine óga ar gach leibhéal cumais, ó gach traidisiún agus ó gach cúlra.

Bhí an PSNI ar an eolas faoin eachtra, a dúradh.

Tá an PSNI ag iarraidh ar aon duine a bhfuil aon eolas acu faoin scéal teagmháil a dhéanamh leo ar 101 agus an uimhir thagartha 393 a thabhairt. Bhíothas ag caitheamh leis an eachtra mar choir fuatha sheictigh, a dúradh.

 

Fág freagra ar '‘Keep Irish out’ – eachtra inar crochadh póstaer frithGhaeilge lasmuigh de scoil á fiosrú mar choir fuatha'