Éachtaint ó chroí ar an bpub Éireannach agus seó bóthair McGregor

LÉIRMHEAS: Thug The Irish Pub léargas ealaíonta dúinn ar thraidisiún an tí tábhairne agus ar ‘charachtair’ den seandéanamh, ach carachtar de shaghas eile ar fad é Conor McGregor

 

The Irish Pub

‘There are no strangers here; Only friends you haven’t yet met.’

Tá an ráiteas sin le W.B Yeats greanta ar gach dara maighnéad cuisneora agus, cé go bhfuil sé beagáinín seanchaite chun a úsáid le tús a chur leis an gclár faisnéise The Irish Pub (RTÉ 1, Dé Luain), ní sheanchaite ná baol air an clár céanna. Tugann an saothar seo éachtaint ó chroí ar an tigh tábhairne Éireannach, go mórmhór na cinn sin ar an seandéanamh nach bhfuil athraithe puinn le blianta fada agus a bhfuil ‘carachtair’ ar dhá thaobh an chuntair. Táimid i dTigh Uí Chuirreáin sa Daingean sa chéad radharc (an tigh ina raibh Peig ar aimsir ann ar feadh roinnt blianta, ach ní luaitear sin ar chúis éigin).

As sin tugtar sin go tithe óil ar fud na tíre, ó Bhun Dobhráin go Buiríos agus ó phubanna na hardcathrach go Béal Átha Longfoirt, Leathardán agus Baile an Chnoic i gContae an Dúin. Labhraíonn na tábhairneoirí (idir fhir agus mhná) go maoithneach, mothúchánach faoin ngnó a fuaireadar le huacht agus an tábhacht a bhaineann leis an tigh a choimeád mar a bhí riamh (‘Bhí sé ann romham agus beidh sé ann i mo dhiaidh’ ba ea an mana a bhí le cloisint go minic). Go deimhin, is é an caomhnú traidisiúin seo snáth uama an chláir agus is é an port is coitianta ag na daoine a bhí páirteach ann leis é. ‘Tá dóthain rudaí ag athrú,’ a deir duine amháin. ‘Ceapann daoine óga inniu go mba cheart go mbeadh gach rud déanta as plaisteach agus cruach dhomheirgthe,’ a deir duine eile agus é mórálach as na ciútraimintí seanda atá ar fud an tí aige.

Go fóill tá siopaí i sciar suntasach de na pubanna seo atá ríthábhachtach mar ionaid chomhluadair, go mórmhór sna ceantracha tuaithe, iargúlta. Eachtraíonn na carachtair dheisbhéalacha seo scéalta grinn agus áiféise agus iad á scannánú le foighne agus le tuiscint. Ní leasc leis an gceamaradóir a am a thógáil leis na radhairc agus baintear úsáid as an seat leathan go minic le gur féidir leis an lucht féachana lán a gcuid súl a bhaint as na beáranna suaithinseacha.

Cé gur beag an trácht a dhéantar ar alcólachas ann – agus d’fhéadfaí a mhaíomh go soiniciúil nach bhfuil anseo ach fógraíocht do Chumann na bhFíoncheannaithe – is clár é seo a thugann éachtaint dúinn ar shaol, ar ghnó agus ar charachtair atá, le casadh a bhaint as ráiteas Pheig, ‘ag sleamhnú uainn faoi mar a shleamhnaíonn an taoide de ghaineamh na trá’.

FT5s-Conor-McGregor-UFC-portrait-smiling-IV

Óir ag caint ar charachtair mé, is carachtar de shaghas eile ar fad é Conor McGregor. Deisbhéalach, lán den bhuaileam sciath, ‘the fighting face of a nation,’ faoi mar a dúirt an liúdramán de thráchtaire amháin. Is seó bóthair é. Ar a shon sin dhein sé beart de réir a bhriathair ag an deireadh seachtaine. Bhí béal na Meiriceánach ar leathadh ag an meá Dé Sathairn nuair a bhailigh tuairim is 10,000 duine (Éireannaigh a bhformhór) isteach san MGM Grand le cad é ‘Olé Olé’ acu.

Is breá leis na hÉireannaigh teacht i dtír ar ghaiscí spóirt. Aréir ar 3e, fuair siad siúd nár íoc as (agus nár éirigh leis an éan) deis féachaint ar McGregor i mbun troda. Slua fuilchíocrach ann, tatúnna ar fud an bhaill, agus Sinéad O’Connor ag canadh. Iomaitheoirí báite in allas agus fuil agus doirne, uillinneacha agus glúine ag imeacht ar dalladh. Murach go bhfuil an rud ar fad chomh barbarach, brúidiúil, ní bheadh aon oidhre air ach siorcas éigiallta. Caithfear aitheantas a thabhairt do ghaisce McGregor agus an tslí gur tháinig an tuar faoina thairngreacht, agus caithfear glacadh leis chomh maith go mbeidh an seó bóthair seo i bPáirc an Chrócaigh nó san Aviva go luath.

Fág freagra ar 'Éachtaint ó chroí ar an bpub Éireannach agus seó bóthair McGregor'