Éachtaí iomána déanta ag laochra Laoise

Tá ardmholadh á fháil ag iománaithe Laoise agus ag a mbainisteoir cáiliúil Eddie Brennan agus é tuillte go maith acu...

Éachtaí iomána déanta ag laochra Laoise

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá séasúr na hiománaíochta idirchontae tagtha go ceann scríbe agus na coirn bronnta. Tiobraid Árann a bhí in uachtar ar fad in 2019 agus déanfaidh mé scagadh anseo orthu agus ar chraobh na bliana seo go luath. Ach ba mhaith liom díriú an tseachtain seo ar Laois agus ar an séasúr iontach a bhí acu. Beidh siad ag imirt i bpríomhroinn na sraithe in 2020. Is iadsan seaimpíní chomórtas Chorn Mhic Dhonncha agus bhí siad páirteach sna babhtaí deireanacha de chraobh na hÉireann den chéad uair ó 1979. 

I dtréimhse trí seachtaine, bhuaigh siad Corn Joe McDonagh, fuair siad an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath agus thug siad ardtaispeántas uathu i bPáirc an Chrócaigh i gcoinne Thiobraid Árann, an fhoireann atá anois ina seaimpíní ar Éirinn. Tá ardmholadh á fháil ag na himreoirí agus ag a mbainisteoir cáiliúil Eddie Brennan agus an moladh sin tuillte go maith acu. Ach mar a scríobh mé tamall ó shin ní athbheochan trí seachtaine a bhí anseo. 

I ndiaidh an tséasúir stairiúil sin tugadh ardmholadh chomh maith don iarimreoir Pat Critchley as an méid a rinne sé chun plean forbartha  a chur i dtoll a chéile tamall de bhlianta ó shin. Agus le blianta beaga anuas ba é Séamus ‘Cheddar’ Plunkett a bhí ina bhainisteoir ar an bhfoireann shinsir agus a rinne an t-uafás oibre ar son na hiomána sa chontae. 

An rud is annamh is iontach bhí cluiche Laoise i gcoinne Bhaile Átha Cliath ar an gcéad chluiche a taispeánadh an oíche áirithe sin ar an gclár iomráiteach The Sunday Game.

Más fíor na tuairiscí, ba mhór an dúshlán a bhí roimh Eddie Brennan ag tús na bliana imreoirí a fháil chun imirt don chontae. Bhí rudaí teasaí go leor idir imreoirí áirithe ó chlubanna éagsúla sa chontae nár réitigh lena chéile. Ach chuir sé le chéile painéal a bhí sásta a bheith ann agus sásta an obair dhian a dhéanamh. De réir mar a thuigim, tá tuilleadh imreoirí maithe ann nár imir leo i mbliana agus tá lucht leanta an chontae ag súil go mbeidh cuid acu sin ar fáil agus an geansaí gorm agus bán á chaitheamh acu an chéad séasúr eile.

Tá ardmholadh ag dul do Eddie Brennan agus do lucht an chúlseomra ar fad ach tá moladh speisialta tuillte acu mar gheall ar an mbealach stuama a láimhseáil siad cúrsaí an cúpla seachtain sin nuair a bhí trí chluiche mhóra acu i ndiaidh a chéile. Bhí ionadh ar dhaoine gur thug Brennan cead agus a bheannacht do na himreoirí cúpla deoch a bheith acu i diaidh chluiche ceannais Chorn Mhic Dhonncha.

Ach d’fhoghlaim Brennan a cheard ó Bhrian Cody agus é ina thosaí sciliúil tapa ag an máistir ar feadh 12 bliain, tréimhse inar bhuaigh sé ocht mbonn uile-Éireann. Tá tuiscint ag Eddie ar conas cluichí a bhuachan agus mórán eolais aige ar conas prapáil i gceart don lá mór.

Fuair imreoirí agus leantóirí an chontae blaiseadh beag de na laethanta móra i mbliana. Bíonn blas ar an mbeagán agus géaraíonn sé an goile.

Tá an séasúr idirchontae críochnaithe dóibh anois ach bí cinnte go bhfuil borradh faoin iomáint sa chontae agus go bhfuil laochra nua ag aos óg Laoise. Caithfidh go bhfuil sé níos éasca ógánaigh an chontae a mhealladh i dtreo na hiomána faoi láthair.

Agus ní fada go mbeidh na pleananna á ndéanamh do 2020 nuair a thabharfar faoi aistear nua i dteannta ríthe iomána na tíre. 

Fág freagra ar 'Éachtaí iomána déanta ag laochra Laoise'