Éacht a bheadh ann dá sáródh na Muimhnigh La Rochelle ach tá seans acu

Imreoidh na ceithre chúige i gcomórtais na hEorpa an deireadh seachtaine seo agus dúshlán mór roimh na hUltaigh agus na Muimhnigh go háirithe

Éacht a bheadh ann dá sáródh na Muimhnigh La Rochelle ach tá seans acu

Fiú má tá sos coicíse san URC an deireadh seachtaine seo, ní scíth ach a mhalairt atá roimh imreoirí chéad rogha na gceithre chúige agus iad ag díriú a n-aird ar bhabhtaí socraithe Chorn na gCuradh agus Chorn an Dúshláin.

I gcomórtas Chorn na gCuradh, an comórtas sinsearach, is ag Cúige Laighean amháin atá buntáiste an bhaile agus iad ag tabhairt faoi Harlequins Shasana i bPáirc an Chrócaigh inniu. Caithfidh Cúige Mumhan agus Cúige Uladh taisteal chomh fada le cósta thiar na Fraince chun iarracht a dhéanamh an dúshlán ollmhór a bhaineann le La Rochelle agus Bordeaux imirt a shárú.

Aontaím leis na geallghlacadóirí atá ag tuar gur ag Cúige Laighean atá an seans is fearr na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach an tseachtain seo chugainn. Níl ach cluiche amháin caillte acu an séasúr seo. Tá siad sa mbaile agus tá imreoirí chéad rogha an chúige iomlán aclaí agus folláin. Is i lár tábla an Gallagher Premiership atá Harlequins suite faoi láthair agus sé chluiche buaite agus sé cinn caillte acu. Tá cluiche amháin caillte agus péire buaite acu sa gcomórtas áirithe seo. Sea, níl fáil ag cluas ar aon chaint maidir le bua do na cuairteoirí sa gcoimhlint seo.

Tráthnóna inniu tabharfaidh Cúige Mumhan faoi La Rochelle, iarchuraidh an chomórtais seo dhá shéasúr ó sin, i Stade Marcel Deflandre agus in ainneoin tacaíocht mhór agus ghlórach a bheith ag déanamh an turais fhada sall, tá go leor ag tuar bua d’fhoireann an bhaile. Mar sin féin, ní go rómhaith atá ag éirí le foireann Ronan O’Gara sa Top 14 an séasúr seo. Tá siad suite sa deichiú háit agus aon chluiche dhéag as scór cluiche caillte acu. An gcruthaíonn sé sin spás nó deis do na Muimhnigh? Thug an fhoireann sárthaispeántas agus iad gan beirt imreoirí don chuid is mó den chluiche i gcoinne Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite. Is cinnte go mbeidh cluiche suimiúil agus spleodrach ann. Má thugann Cúige Mumhan an lá leo, agus níl mise á chur sin as an áireamh, beidh éacht ollmhór eile déanta acu, fiú agus La Rochelle in ísle brí faoi láthair.

Níos faide síos an cósta, beidh na hUltaigh faoi bhrú damanta amárach agus iad i gcoinne Bordeaux, foireann atá sa dara háit ar thábla an Top 14. Níl mé ag léiriú drochmheas ar na hUltaigh ach is fíor go bhfuil imreoirí Bhordeaux ar leibhéal agus ar chaighdeán eile ar fad. Chaill Cúige Uladh dhá chluiche as trí iarracht sa gcomórtas go dtí seo agus bhí bua i chuile chluiche ag Bordeaux.

Seans maith go mbeidh deireadh le rás na nUltach i gCorn na gCuradh amárach. Éacht a bheas ann más féidir leo greadadh a sheachaint.

Ach roimhe sin anocht imreoidh Cúige Chonnacht i gcoinne Caerdydd i mbabhta socraithe Chorn an Dúshláin ar an mBóthar Beag i Stáid Dexcom. Is iad na Connachtaigh rogha na coitiantachta don choimhlint seo. Tá siad sa mbaile agus bhuaigh siad chuile chluiche sa gcomórtas go dtí seo. Níor bhuaigh Caerdydd ach cluiche amháin as trí cinn agus i lár mhí Feabhra seo caite fuair Cúige Chonnacht an ceann is fearr orthu, 24-19,  i mBabhta 11 den URC agus iad ag imirt ina gcoinne i nGaillimh. Ní haon iontas go bhfuil chuile dhuine ag tuar bua baile.

Ach fainic, bhí an fhoireann sách lag i gcoinne na Muimhneach seachtain ó shin, iad gan plean ná ceannairí. Caithfidh siad na deacrachtaí a bhí acu i gCaisleán an Bharraigh a sheachaint. Cuimhnigh freisin go bhfuil rás Chonnacht san URC beagnach rite. Tá sé beagnach dodhéanta acu anois an t-ochtú háit nó níos airde a bhaint amach sa gcomórtas sin, rud a fhágann nach bhfuil acu ach an comórtas seo le snas a chur ar an séasúr. Caithfidh siad an cluiche seo a bhuachan.

Fág freagra ar 'Éacht a bheadh ann dá sáródh na Muimhnigh La Rochelle ach tá seans acu'