€8,000 ar an gcéad tuama os cionn talún i reilig i gConamara 

Tá tús curtha le bealach eile adhlactha i gConamara agus in Éirinn uilig, b’fhéidir 

€8,000 ar an gcéad tuama os cionn talún i reilig i gConamara 

D’fhéadfadh sé gur i gceantar na Ceathrún Rua i gConamara a fheicfear na chéad samplaí sa tír de dhaoine a bheith á leagan síos i dtuamaí os cionn talún i reiligeacha poiblí. 

Tá réimse den reilig nua atá forbartha ag an bhfear gnó, Bobby McDonagh, i gCladhnach réitithe sa gcaoi agus gur féidir tuamaí a thógáil ansin agus tuairiscítear go bhfuil an chéad cheann curtha in áirithe. 

€8,000 a chosnaíonn an tuama idir an obair thógála, cloch chuimhneacháin agus na costais eile a bheadh i gceist.  Duine atá ina chónaí sna Stáit Aontaithe a chur an chéad tuama in áirithe sa reilig i gCladhnach le gairid. 

Tá comhlacht atá bainteach le forbairt clocha cuimhneacháin agus maisiú reiligeacha páirteach le Bobby McDonagh sa gcuid seo de sheirbhísí na reilige nua. 

Míníonn Bobby McDonagh go bhfuil beagán moille ag baint le tógáil an chéad tuama mar go bhfuil ábhar atá ag teastáil coinnithe siar de bharr géarchéim an ghalair Covid-19. 

Ar an gcéad iarraidh, leagtar síos urlár coincréite agus bíonn dhá struchtúr sa mballa atá timpeall ar an tuama -coincréit atá neartaithe le slatacha iarainn ar an gcéad chuid agus cineál ar leith cloch eibhir taobh amuigh.  Cuirtear an chónra síos ón mbarr agus ansin leagtar leac coincréide síos in uachtar. 

Spás do chónra amháin a bheidh ann ach d’fhéadfadh beirt – nó níos mó ná sin – a bheadh ag iarraidh a bheith le taobh a chéile sa gcré cúpla tuama a cheannacht. 

Tá samplaí de thuamaí os cionn talún i gcuid mhaith áiteacha sna Stáit Aontaithe ach is dóigh gur ar na tuamaí i gcathair New Orleans i Louisiana is mó atá cáil agus trácht. Másailéim a thugtar ar na struchtúir i New Orleans agus bhí cúpla údar go ndearnadh forbairt orthu sa gcuid sin de na Státaí.  Ar an gcéad dul síos, ní féidir a dhul ach cúpla troigh i dtalamh sa réigiún sin nó go dtiocfaidh tú ar uisce mar tá an Mississippi agus Loch Ponchartrain gar don láthair. 

Chomh maith leis sin, tugadh cuid den traidisiún as an Spáinn san áit a raibh stádas ar leith ag baint leis an gcineál tuama a bhí ag teaghlaigh thar a chéile. 

I gcás New Orleans, tá spás agus leagan amach ar an másailéam a fhágann gur féidir leanúint ar aghaidh á úsáid ar feadh na nglúnta.  Nuair a bhíonn an corp nó na coirp ina dtaisí ligtear na cnámha síos thrí fhráma in íochtar an mhásailéim agus fanann siad ansin.  Ansin, téann taisí an chéad duine eile síos agus mar sin de.  Is nós é a thaitníodh  go  mór le teaghlaigh mar go raibh duine ar feadh na síoraíochta i measc taisí a mhuintire féin. 

Tógadh cuid de na másailéim ar scála níos mó ná sin agus cuireadh daoine a raibh baint acu le himeachtaí áirithe sa saol iontu.  Bhíodh lucht briogáide airm nó póilíní ina measc. 

Is ionann siúl trí thuamaí New Orleans agus a bheith ag siúl thrí mhúnla de bhaile mór agus sráideanna anonn agus anall ann. Tá cuid de na másailéim ansin coinnithe agus maisithe níos fearr ná a chéile. 

De réir nádúir, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh sé sa saol go mbeadh an teaghlach uilig imithe ar shlí na fírinne sin nó gaibhte a chónaí áit éigin eile agus nach mbeadh aon duine fanta le cóir a choinneáil ar theach na marbh. 

Ní ar an múnla sin atá sé i gceist tuamaí na Ceathrún Rua a leagan amach. Tá riail leagtha síos nach mbeidh struchtúr ar bith – cloch chuimhneacháin san áireamh – níos airde ná 1.3 méadar ón talamh, tuairim 4 troithe.   Ceapann Bobby McDonagh go mbeidh éileamh áirithe, de réir a chéile,  ar an tuamaí ach go mbeidh an chuid is mó den éileamh ar an adhlacadh traidisiúnta. 

Díreach le hais na reilige poiblí atá i gCladhnach cheana féin – atá ionann agus lán anois  – atá an reilig phríobháideach nua.  Tá spás inti le haghaidh 650 uaigh; beidh spás do 1,000 corp inti ach a mbeidh sí críochnaithe. €1,250 an costas atá ar phlásóg agus íocann an méid sin as dhá uaigh.  Beidh €350 le n-íoc as oscailt agus dúnadh uaighe. 

I mí na Nollag 2019 a d’oscail Aire Stáit na Gaeltachta san am, Seán Kyne, an reilig go hoifigiúil.

Tá roinnt sochraidí théis a theacht go dtí an reilig nua i gCladhnach cheana féin.  Is amhlaidh a rinneadh an reilig nua seo a réiteach as an nua ar thalamh ard  tirim agus neart líonadh cóiriúil curtha sa talamh. 

Is beag nach bhfuil géarchéim i gConamara de bharr easpa spáis sna reiligeacha atá ann.  Dúirt Bobby McDonagh, nuair a  osclaíodh an reilig go raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe curtha ar an eolas faoin reilig ach nach raibh aon chaidéis curtha acusan air san am sin. 

Anois, tá duine sna Stáit Aontaithe sásta €8,000 a chaitheamh ar thuama sa reilig i gCladhnach.   Go mba fada  go dteastóidh sé uathu, ach tá tús curtha le bealach eile adhlactha i gConamara agus in Éirinn uilig, b’fhéidir.

Fág freagra ar '€8,000 ar an gcéad tuama os cionn talún i reilig i gConamara '

  • Poraic o'hEipicín

    Béidh daoine ag fáil bhais lé dul ann.

  • Breathnóir1

    Drochnós eile á iompórtáil as SAM.
    Créamadh an rud is ciallmhaire le déanamh nuair a fhaigheann duine bás ar scor ar bith, dar liom.

  • PólRéamonn

    Ní bheidh robálaithe uaighe ag iarraidh sluasaid a thuilleadh.

  • An Teanga Bheo

    Sách daor bás a fháil

  • Balor an Tuaiscirt

    Ní Caitríona Pháidín a bheidh ró-shásta nuair a chuirfear ar an eolas í nach in Áit an Phuint nó fiú na Cúig Déag a chuirfear Neill faoi thalamh , ach go mbeidh tuama ollmhór déanta as aolchloch ag Neill (an raicleach bhradach gan mhúineadh) in Áit an €8,000.