€655,000 ceadaithe d’oileáin Ghaeltachta timpeall na hÉireann

Is ar obair athchóirithe ar bhóithre a chaithfear formhór an airgid atá ceadaithe do chomhairlí contae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Chorcaí agus na Gaillimhe

€655,000 ceadaithe d’oileáin Ghaeltachta timpeall na hÉireann

Tá €655,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar oileáin éagsúla agus chun saoráidí a chur ar fáil ar na hoileáin sin. Tabharfar an t-airgead do chomhairlí contae Dhún na nGall, Mhaigh Eo, Chorcaí agus na Gaillimhe.

Do Chomhairle Chontae na Gaillimhe a ceadaíodh an t-airgead is mó – os cionn €245,000. €138,000 a ceadaíodh do Mhaigh Eo, €173,000 do Chorcaigh agus €97,000 do Dhún na nGall.

Is ar obair athchóirithe ar bhóithre a chaithfear formhór an airgid sna ceithre chontae. Déanfar cóiriú ar bhóithre in Árainn Mhór agus ar Thoraigh i nDún na nGall, in Inis Bigil agus in Inis Toirc i Maigh Eo, in Árainn agus in Inis Oírr i nGaillimh agus san Oileán Mór i gCorcaigh.

Tá “ionad beag athchúrsála” le tógáil i dToraigh i nDún na nGall freisin.

Níl aon chuid den airgead atá ceadaithe do Chomhairle Contae Chorcaí le caitheamh ar Oileán Chléire, an príomhoileán Gaeltachta sa chontae. Caithfear cuid den airgead atá ceadaithe do Chomhairle Contae Mhaigh Eo i gCliara, oileán nach bhfuil sa Ghaeltacht.

Beidh na Comhairlí Contae féin ag cómhaoiniú na dtionscadal ar na hoileáin. Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas fógra mar seo a dhéanamh.

“Léiríonn fógra an lae inniu go bhfuil mo Roinnse, nuair a bhíonn an deis aici é sin a dhéanamh, tiomanta do chúnamh caipitil a chur ar fáil le saoráidí a fheabhsú do phobail ár n-oileán” a dúirt sé.

Fág freagra ar '€655,000 ceadaithe d’oileáin Ghaeltachta timpeall na hÉireann'