€600,000 curtha ar fáil le cabhrú le comhlachtaí Gaeltachta tabhairt faoin trádáil ar líne

€14.6 milliún ar fad atá curtha ar fáil ag an Rialtas faoin Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne

€600,000 curtha ar fáil le cabhrú le comhlachtaí Gaeltachta tabhairt faoin trádáil ar líne

Tá €600,000 breise curtha ar fáil ag an Rialtas d’Údarás na Gaeltachta chun cabhrú le comhlachtaí a gcuid gnó a dhéanamh ar líne.

€14.6 milliún ar fad atá curtha ar fáil ag an Rialtas faoin Scéim Dearbhán Trádála Ar Líne. Faoin scéim cuirtear suas le €2,500 ar fáil do chomhlachtaí beaga chun cabhrú leo tabhairt faoin trádáil ar líne.

An tAire Gnó Heather Humphreys agus an tAire Cumarsáide Richard Bruton a d’fhógair an maoiniú breise agus chuir Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne fáilte roimh an scéala go mbeadh sciar de ag dul chuig Údarás na Gaeltachta le dáileadh ar chomhlachtaí Gaeltachta.

Dúirt an Seandaóir Seán Kyne go raibh léirithe ag cliantchuideachtaí Údarás na Gaeltachta go raibh ar a gcumas dul i muinín na trádála ar líne chun teacht slán ón bpaindéim.

Dúirt Kyne go gcuideodh an maoiniú le gnólachtaí Gaeltachta “le linn na tréimhse dúshlánaí seo don gheilleagar domhanda”.

Fág freagra ar '€600,000 curtha ar fáil le cabhrú le comhlachtaí Gaeltachta tabhairt faoin trádáil ar líne'