€60 milliún caite is gan ach 6km bóthair déanta – cás áiféiseach bhóithre Chonamara

Caitheadh cúpla milliún ar anailís, ar staidéir agus ar phleananna ar bhóthar nua do Ghaeltacht Chonamara Theas ach is beag toradh atá le feiceáil ar an gcaiteachas sin

€60 milliún caite is gan ach 6km bóthair déanta – cás áiféiseach bhóithre Chonamara

Níl aon ghanntan scéalta faoin moill a bhíonn ar dhaoine as Conamara ag dul isteach agus amach óna gcuid oibre i gcathair na Gaillimhe. Féach le héalú ón mbóthar ó dheas amach go Maigh Cuilinn agus triail an taobh sin ar an N59. Ní fada go mbeidh tú i dtranglam eile i dtreo na Gaillimhe ar an taobh sin. Tharla sé dom faoi dhó an tseachtain seo caite.

Ach fág as Conamara. Chaintigh mé le fear as Cor an Dola, taobh ó thuaidh den chathair, agus chaith seisean uair go leith ag taisteal óna theach isteach go cathair na Gaillimhe ceann de na maidineacha sin. “Aistear leathuair an chloig é sin le ceart,” a deir sé.

Ní bheidh mórán faoisimh ag tiománaithe Chonamara ná ag tiománaí Chor an Dola anois. B’fhéidir go raibh dóchas éigin acu go bhfeabhsódh cúrsaí nó gur fhógair an Bord Pleanála an tseachtain seo go raibh an chéad chinneadh a thógadar i bhfabhar an chuarbhóthair timpeall na Gaillimhe caite in aer anois. Níor chuireadar an polasaí náisiúnta a bhaineann leis an athrú aeráide sa gcomhaireamh agus iad ag tógáil an chéad chinnidh – a deir lucht an Bhoird Pleanála. Sin cúis chasta go maith agus ceann nua. Ach fágadh muid sin go fóilleach.

Ní gá aríst a dhul ag plé chuile chor agus chuile chasadh a bhain le cuarbhóthar – nó bóthar ciorclach – chathair na Gaillimhe le ceathrú céid. Ach ní lá go maidin é mura raibh costas mór i gceist. D’fhéadfadh sé a bheith ag breith suas ar dhá scór milliún euro. Níl orlach bóthair déanta nó deasaithe dá bharr.

Ach téadh muid amach as Gaillimh – siar.

Caitheadh cúpla milliún ar anailís, ar staidéir agus ar phleananna ar bhóthar nua do Ghaeltacht Chonamara Theas. Caitheadh na milliúin ar réiteach chuile chineál plean don N59 as an gClochán go hUachtar Ard. Caitheadh airgead láidir ar staidéir agus ar shuíochán, ar fhorbairt droichead nua in Uachtar Ard, in áit atá an-chontúirteach do pháistí gan trácht ar an tranglam tráchta a bhíonn ansin scaití. B’éigean an iarracht sin a chaitheamh in aer le gairid freisin nuair a shocraigh na hinnealtóirí go rabhadar ag bualadh a gcloigne faoin mballa.

As na staidéir agus hanailísí seo uilig, cén toradh atá le feiceáil?

An freagra atá ar an gceist sin – 6 chiliméadar (beagán le cois 3 mhíle) de bhóthar nua den N59 ón Teach Dóite soir i dtreo Uachtar Ard. Sin é a bhfuil ann idir Gaillimh agus Conamara théis an chaiteachais seo. Caite, tá ag bordáil ar €60m. Baineann tuairim €15m de sin leis an obair ar an bpíosa nua – obair bhreá – taobh thoir den Teach Dóite. As an airgead eile atá caite – go maith thar €40m – níl a dhath ariamh faoin domhan le feiceáil dá bharr ag an bpobal.

Ach b’fhéidir go bhfuil caillteanas níos measa ná sin i gceist.

Beidh imní ann faoi stádas chathair na Gaillimhe. Tá a fhios go bhfuil tionsclóirí agus fostóirí imníoch faoin tranglam atá i nGaillimh anois. Féach ar na deacrachtaí tráchta atá ag an láthair mhór tionsclaíochta agus seirbhísí ar an bPáirc Mhór ar imeall thoir na cathrach. Arbh fhearr fanacht níos gaire do Bhaile Átha Cliath nó teannadh i dtreo Luimnigh agus Aerfort na Sionainne le do chuid postanna?

Beidh Conamara buailte freisin dá bharr. Ní chuideoidh sé le dream ar bith a bheadh ag cuimhneamh ar lonnú i Ros an Mhíl; go deimhin, d’fhéadfaí ceisteanna a chur faoina bhfuil i ndán d’fhorbairt iomlán an chalafoirt, agus do stádas an chalafoirt, de bharr go bhfuil bóthar ciorclach na cathrach stoptha.

Tádar ann a deir go bhfuil turasóirí ag iarraidh Conamara a fheiceáil cuid mhaith mar a bhí sé sa seansaol agus nach cás leis na cuairteoirí an taisteal. Bhuel tá úinéirí cheann de na hóstáin is mó a bhfuil cáil air i gConamara, an Abbeyglen sa gClochán, ag meabhrú i gcónaí do dhaoine nach bhfuil siad anois ach beagán le cois trí huaire an chloig as Baile Átha Cliath; tar anuas an M6 agus téigh ar an N59 go hiarthar Chonamara, a deirtear leo. Chaithfeadh sé go bhfuil a fhios ag Paul Hughes agus a comhluadar rud éigin faoi mheon na ndaoine a thagann an bealach. Dá thúisce dá mbeidh an t-aistear déanta acu, is fearr leo é.

Ní chuideoidh an cinneadh seo ón mBord Pleanála leo siúd atá ag brath ar a dhul siar le haghaidh a gcuid laethanta saoire.

Ach céard faoin ngad is gaire den scornach – muid féin i gConamara. Bíodh muid ag guí anois nach lonnófar cuid thábhachtach de sheirbhísí ospidéil na Gaillimhe thoir i bPáirc Mhuirlinne, rud a bhfuil caint air. An féidir linn a shamhlú an trioblóid agus an t-am a bheadh i gceist ag daoine as Conamara agus iad ag dul chun an ospidéil nó ag breathnú ar dhuine ann?

Sin ceisteanna uilig a bheidh le freagairt lá níos faide anonn agus maidir leis an leas a dhéanfaidh an cinneadh sé seo i dtaobh na haeráide – is maith an scéalaí í an aimsir.

Ach pé ar bith scéal a bheidh ag an aimsir faoin aeráid is dóigh ná a mhalairt go mbeidh sé le rá aice gur éiríodh as a bheith ag caitheamh airgid ar phleanáil na mbóithre i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara. Ni fiú an tairbhe an caiteachas…ar a laghad nó go n-athróidh an aeráid pholaitiúil agus phleanála.

Fág freagra ar '€60 milliún caite is gan ach 6km bóthair déanta – cás áiféiseach bhóithre Chonamara'

  • Seán

    Iarannród & seirbhís bus rialta!!