€6.56 sa lá le baint de dhaoine faoi mhíchumas – éagóir dhochosanta

Déanfar leatrom mór ar dhaoine faoi mhíchumas de thoradh cinneadh rialtais, cinneadh a mhaítear a rinneadh ar mhaithe le cothromaíocht

€6.56 sa lá le baint de dhaoine faoi mhíchumas – éagóir dhochosanta

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Ta cosaint lag déanta ag an rialtas ar chinneadh airgeadais a tháinig chun solais i rith na seachtaine.

Cinneadh é ar chóir é a chur ar ceal ionas nach ndéanfar leatrom suarach dá bharr.

Tá a fhios ag gach Teachta Dála gur farasbarr €700 milliún ar a mhéad a bheas le roinnt ag Paschal Donohoe agus an buiséad á fhógairt aige ar an 8 Deireadh Fómhair.

Ní leor Breatimeacht áfach ná brú ar bith eile ar chaiteachas na bliana seo chugainn mar leithscéal maidir leis an méad a tháinig chun solais i rith na seachtaine.

Bhí sé eagraíocht a chuireann seirbhísí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas i láthair ag an bpreasócáid a reáchtáladh leis an gcinneadh a cháineadh. Dúirt Joan Carty ó Chumann Cathaoireacha  Rothaí na hÉireann go gcuirfeadh athrú rialacha a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) i bhfeidhm le gairid bac ar an gcomhionannas. Léiríonn cnámha an scéil gur deacair easaontú léi.

Faoi láthair, íoctar deontas €31.80 sa tseachtain le daoine faoi mhíchumas atá ag freastal ar chúrsaí traenála. Cé nach mbainfear an deontas de dhuine ar bith mar gheall ar chinneadh an HSE, ní íocfar é le daoine breise ón mí seo chugainn ar aghaidh.

Bhí Conor Dillon (21) as Sórd i gContae Bhaile Átha Cliath, a bhfuil pairilis cheirbreach (cerebral palsy) air, i láthair ag an bpreas-ócáid. Beidh sé ag freastal ar chúrsa traenála sa Chlinic Lárnach Íocshláinte i gCluain Tarbh i mí Mheán Fómhair. Dúirt Conor nach mbeadh sé ábalta cheal airgid dul ar thurais ná páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla taobh amuigh den seomra ranga. “Cén fáth nach mbeidh deontas le fáil agamsa cé go n-íocfar é le daoine eile atá ag freastal ar an gcúrsa?” a dúirt sé.

Níl freagra díreach tugtha go fóill ar a cheist ag an HSE ná an tAire Sláinte Simon Harris. Dúirt an t-aire gur ar sholáthar cúrsaí oiliúna do 300 duine a chaithfí an t-airgead nach bhfuil le tabhairt do Conor ná do thart ar 400 duine eile atá faoi mhíchumas.

B’ionann sin agus a rá go bhfuil deontas beag (€6.56 in aghaidh an lae) á bhaint de 400 duine faoi mhíchumas d’fhonn áiteanna breise traenála a thairiscint do 300 duine. Thug foinsí sa HSE le fios gur caiteachas €3.7 milliún in imeacht ceithre bliana atá i gceist.

Dúirt Simon Harris chomh maith – creid nó ná creid é – gur ar mhaithe lena chinntiú nach mbeadh áiteanna traenála á gcur ar fáil go míchothrom amach anseo a socraíodh nach n-íocfaí na deontais.

Gabhaim mo leithscéal, a léitheoir dhil, ach uaireanta ní féidir scéal iomlán a inseacht gan raiméis a bheith mar chuid de.

Ainneoin an Bhreatimeachta agus ainneoin gach ganntanas eile atá ag brú ar an aire airgeadais agus an Buiséad á dhréachtadh aige, ba chóir go gcuirfeadh sé an cinneadh suarach seo ar ceal gan mhoill.

Ar mhaithe le comhionannas ar mhaithe le stuaim, agus ar mhaithe le héagóir atá dochosanta a sheachaint.

Fág freagra ar '€6.56 sa lá le baint de dhaoine faoi mhíchumas – éagóir dhochosanta'