€500,000 ceadaithe chun iarratas pleanála nua a dhéanamh do Pháirc na Mara

Chinn an Bord Pleanála gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, ceann de na tograí is mó riamh ag Údarás na Gaeltachta

€500,000 ceadaithe chun iarratas pleanála nua a dhéanamh do Pháirc na Mara

Tá cead tugtha ag Bord Údarás na Gaeltachta iarratas pleanála nua a dhéanamh do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara.

Cheadaigh an bord €500,000 d’ullmhú an iarratais nua.

Dúradh go gcaithfí an maoiniú sin ar sheirbhísí breise sainchomhairleoireachta ar mhaithe le “uasdátú a dhéanamh ar an máistirphlean, agus na ceadúnais chuí a fháil le haghaidh na forbartha, ag tabhairt san áireamh na nithe a raibh soiléiriú déanta ag an mBord Pleanála orthu”.

I mí an Mhárta, sheas an Bord Pleanála le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara –togra tionscail agus taighde a bheadh bunaithe ar acmhainní mara agus cladaigh.

Dúirt Bord an Údaráis gur “buille don togra” a bhí sa chinneadh sin ach gur socraíodh gan an togra “a chaitheamh i dtraipisí” mar gheall ar a thábhachtaí is a bhí sé.

“Tá an togra seo ríthábhachtach d’Údarás na Gaeltachta, ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta,” a dúirt cathaoirleach sealadach Bhord Údarás na Gaeltachta, Mary Uí Chadhain.

“Tá féidearthachtaí go leor i bhforbairt earnáil na mara ar chósta thiar na tíre seo; cuideoidh Páirc na Mara le dlús a chur le taighde; cuirfidh sé ar ár gcumas táirgí nua agus córais den chéad scoth a chur ar fáil san earnáil.

“Cruthófar fostaíocht a bhfuil géarghá léi i gceantar Gaeltachta atá faoi mhíbhuntáiste, ach a bhfuil luí ar leith ag an bpobal ann le hearnáil na mara. Tá an suíomh thar a bheith feiliúnach ar an iliomad bealach do thogra den saghas seo agus tá sé soiléir dúinn go bhfuil suim fós ag an earnáil phríobháideach lonnú ar Pháirc na Mara.”

Táthar ag súil go mbeidh an t-iarratas nua réidh le cur faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi dheireadh 2024.

Mhaígh an tÚdarás go dtógfadh sé an méid céanna ama athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh faoi chinneadh an Bhoird Pleanála, an rogha eile a bhí acu nuair a chinn siad gan an plean a chaitheamh i dtraipisí.

Tá Páirc na Mara ar cheann de na tograí is mó a bheartaigh Údarás na Gaeltachta agus os cionn €1 milliún a caitheadh ar an iarratas pleanála ar diúltaíodh dó.

In 2018 a rinne Údarás na Gaeltachta iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara den chéad uair.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, cheana gur chinn an eagraíocht iarratas nua a dhéanamh ar chead pleanála do Pháirc na Mara mar gurb é “an rud is fearr agus is ciallmhaire le déanamh”.

Dúirt Ó Síocháin go raibh an tÚdarás “iomlán tiomanta” do thogra Pháirc na Mara.

“Is tionscadal thar a bheith tábhachtach é seo do cheantar Iorras Aithneach agus tá sé tábhachtach go dtabharfar chun críche é, ar mhaithe le deiseanna náisiúnta fostaíochta, oiliúna agus taighde a chruthú agus borradh a chur faoi gheilleagar an cheantair.”

“É sin ráite, caithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil ár gcur chuige i dtaobh pleanála ag teacht leis na riachtanais nua aeráide agus riachtanais eile, más ann dóibh. Beidh muid ag féachaint go cúramach ar chinneadh an Bhoird Pleanála, lena chinntiú go bhfuilimid ag freastal ar na riachtanais sin. Tá muid muiníneach go mbeidh ar ár gcumas sin a dhéanamh.”

I measc na gcúiseanna gur dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála don Údarás, dúradh go raibh an baol ann go ndéanfaí dochar do cheantar caomhnaithe dá leanfaí ar aghaidh leis an fhorbairt.

Dúirt Rannóg Pleanála na Comhairle, mar shampla, nach bhféadfadh siad a bheith cinnte nach ndéanfadh píopa a bhí le tógáil dochar do Cheantar Speisialta Caomhnaithe Chuan Chill Chiaráin. Tá an stádas comhshaoil is airde – sin Ceantar Speisialta Caomhnaithe Aguisín 1 – i gceist leis an gcuan sin.

Bhí Údarás na Gaeltachta den tuairim go raibh Páirc na Mara ag teacht le pleananna forbartha náisiúnta agus go gcuideodh an fhorbairt le Straitéis 20 Bliain na Gaeilge sa mhéid agus go dtabharfadh sé deis do mhuintir Ghaeltacht iarthar Chonamara post a fháil sa bhaile.

Fág freagra ar '€500,000 ceadaithe chun iarratas pleanála nua a dhéanamh do Pháirc na Mara'