€5.80 ar chupán caife agus tairngreachtaí taitneamhacha eile 

Ó chluichí cogaíochta Putin go comórtas conspóideach Chatar agus praghas an chaife d’fhéadfadh bliain chorraitheach eile a bhí romhainn

€5.80 ar chupán caife agus tairngreachtaí taitneamhacha eile 

An mbeidh deireadh, sa deireadh thiar thall, le paindéim an Covid-19 sa bhliain atá amach romhainn?

Sin í, ar ndóigh, an cheist atá ag dó na geirbe ag gach éinne againn.

Tá cuid fhíorthábhachtach d’fhreagra na ceiste sin i scéal an leagain oimiocróin den víreas, a deimhníodh den chéad uair san Afraic Theas ag deireadh na bliana seo caite. Go dtí go gcuirfidh tíortha saibhre an domhain vacsaíní saor in aisce ar fáil don chuid eile den domhan – nó go dtí go scaoilfidh na hollchomhlachtaí leighis lena gcuid paitinní – tiocfaidh leaganacha nua den víreas chun cinn i dtíortha nach bhfuil ar a gcumas féin, ceal acmhainní, vacsaíní a chur ar fáil don uile dhuine.

Tá sé ráite go minic cheana ó thosaigh an phaindéim seo nach mór dhá bhliain ó shin, gur i gcomhar le chéile amháin a éireoidh linn an lámh in uachtar a fháil ar an víreas. Seasamh gualainn ar ghualainn ní hamháin lenár bpobal féin atá i gceist leis sin, ach seasamh gualainn ar ghualainn le pobail i bhfad i gcéin.

Ar an gcaoi chéanna, beidh ar thíortha saibhre a chinntiú, sna blianta beaga atá romhainn, go mbeidh ar chumas tíortha bochta (agus, gan dabht, ar chumas daoine atá faoi mhíbhuntáiste sna tíortha saibhre féin) in ann droim láimhe a thabhairt le breoslaí iontaise agus iompú ar fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite – nó beidh an domhan ar fad thíos leis ó thaobh athrú na haeráide de.

Ag caint ar an ngéarchéim aeráide, níl dabht ar bith faoin spéir ach go meabhróidh an pláinéad dúinn arís is arís eile go bhfuil olltubaiste ag bagairt orainn. Ná bí ag ceapadh go bhfuil chuile shórt ceart go leor má thiteann sneachta arís i mbliana mar a thit anuraidh; ní hionann aimsir agus aeráid agus is féidir talamh slán a dhéanamh de, faraor, go mbeidh a bhfuil fágtha d ’fhoraoiseacha dheisceart na hEorpa, iarthar Mheiriceá Thuaidh, na Sibéire, na hAstráile agus na hAmasóine trí thine arís sa samhradh, mar a bhí le roinnt mhaith blianta anuas. 

Cuir leis sin tuilte marfacha in iarthar na hEorpa, stoirmeacha marfacha i Muir Chairib agus triomach agus ocras marfach san Afraic agus in oirthuaisceart na Brasaíle, agus d’fhéadfá colún mar seo a líonadh le tairngreachtaí faoi thubaistí aeráide.

Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil is féidir brath air go spreagfaidh ceannairí domhanda áirithe roinnt mhaith ceannlínte i mbliana freisin.

Tosaímid sa Bhrasaíl, mar a mbeidh toghchán uachtaránachta á reáchtáil i mí Dheireadh Fómhair agus mar a mbeidh Jair Bolsonaro ag iarraidh fanacht i gcumhacht ar bhealach amháin nó eile.

Soir ó thuaidh ansin go dtí an Bhealarúis. Céard í an chéad seift eile ar a gcuimhneoidh Alexander Lukashenko chun cur as don Aontas Eorpach a chuir smachtbhannaí air? Níl géarchéim na dteifeach ar theorainn thoir an AE thart, ná baol air.

Géarchéim ar scála eile ar fad a bheidh ann, ar ndóigh, má dhéanann Vladimir Putin ionradh ar an Úcráin dáiríre, mar a bhí á thuar ag seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe ag deireadh 2021. Ar ndóigh tá cogadh ar siúl idir an Rúis agus an Úcráin ó bhí 2014 ann – ach go dtí seo d’éirigh le Putin cogadh hibrideach a fhearadh nár thug ar na Stáit Aontaithe agus ar an Eoraip dul níos faide ná smachtbhannaí, smachtbhannaí agus a thuilleadh smachtbhannaí. Ach an rachaidh cluichí cogaíochta Putin ó smacht i mbliana agus má théann, an dtiocfaidh NATO i gcabhair ar an Úcráin? B’fhearr gan smaoineamh ar a leithéid.

Cluichí de shaghas iomlán éagsúil a bheidh ar siúl an geimhreadh seo i mBéising na Síne. Níl baint ceaptha a bheith ag cúrsaí polaitíochta leis na Cluichí Oilimpeacha ar ndóigh ach tá a fhios ag an saol mór go mbíonn; tá baghcat dioplómaitiúil ar na Cluichí fógartha ag na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Astráil agus dornán tíortha eile toisc cearta daonna a bheith á sárú ag rialtas na Síne – i measc cúiseanna eile, gan amhras.

Ní hiad Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh an t-aon mhórimeacht conspóideach spóirt amháin a bheidh ar siúl i mbliana. I gCatar – tír eile nach bhfuil dea-cháil uirthi maidir le cearta daonna – a eagrófar an Corn Domhanda sa Sacar. Níl dea-cháil ar Chatar ach oiread maidir le saoirse an phreasa agus is féidir a bheith ag súil le círéib dhioplómaitiúil nó dhó má chaitear i bpríosún iriseoirí spóirt a mbeadh sé de mhisneach acu an tírín sin i Murascaill na Peirse a cháineadh. Sa chás sin, an mbeidh sé de mhisneach ag foirne náisiúnta sacair tarraingt amach as an gcomórtas?

Mar gheall ar an teas i gCatar, i mí na Samhna agus i mí na Nollag a eagrófar Corn an Domhain agus (mar gheall ar an am den lá a mbeidh na cluichí ar siúl chomh maith) gach seans gur mó an dúil a bheidh ag an lucht féachana sa bhaile i muigín caife deas te ná i gcannaí lágair. Ach tá drochscéal agam duit: mar gheall ar fhíor-dhrochfhómhar caife sa Bhrasaíl, áit a bhfástar aon trian de phónairí caife an domhain, agus mar gheall ar an ardú leanúnach ar phraghas na hola agus an gháis, d’fhéadfadh €5.80 a bheith ar Americano faoin am a mbeidh deireadh na bliana seo buailte linn.

Fág freagra ar '€5.80 ar chupán caife agus tairngreachtaí taitneamhacha eile '