€446,000 ceadaithe ag McHugh chun Ionad Pobail nua a thógáil ar an bhFál Carrach

Beidh halla san ionad nua a mbeidh spás ann do 400 duine chomh maith le hionad cúraim leanaí, cistin, leithris, seomraí feistis agus seomraí ilchúraimí eile

€446,000 ceadaithe ag McHugh chun Ionad Pobail nua a thógáil ar an bhFál Carrach

Tá €446,000 ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh le hionad pobail nua a thógáil ar an bhFál Carrach i nGaeltacht Thír Chonaill.

Cheadaigh McHugh €31,600 do Choiste Pobail an Fháil Charraigh cúpla bliain ó shin le comhairle a fháil maidir le dearadh agus tógáil an ionaid nua.

Cosnóidh an t-ionad, a bheidh san áit a bhfuil Halla Naomh Fhionáin anois agus a bheidh 570 méadar cearnach, €775,000. Beidh halla mór a mbeidh spás do 400 duine ann chomh maith le hionad cúraim leanaí, cistin, leithris, seomraí feistis agus seomraí ilchúraimí eile san ionad nua.

Agus an deontas á fhógairt aige inniu, dúirt McHugh go mbeidh an áis nua ríthábhachtach do chur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga, a bheidh ag tosú go luath sa cheantar Gaeltachta.

“Tréaslaím leis an choiste atá ag plé le forbairt an ionaid seo le tamall fada de bhlianta as an obair mhór atá déanta acu chun a chinntiú go mbeadh a leithéid d’áis ann a rachaidh chun leasa go mór do phobal an cheantair.

“Le forbairt áiseanna pobail den chineál seo, tacaítear ar bhealach praiticiúil le hiarrachtaí phobal na Gaeltachta chun an Ghaeilge a thabhairt slán chuig an chéad ghlúin eile,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil sé ag súil go mbeidh an t-ionad nua ina “údar bróid” do mhuintir an Fháil Charraigh agus go mbeidh sé mar “pháirt thábhachtach de chuid na bpleananna leis an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú sa cheantar”.

Fág freagra ar '€446,000 ceadaithe ag McHugh chun Ionad Pobail nua a thógáil ar an bhFál Carrach'

  • maitiu

    Ag tarraingt ‘un a mhuilinn fein.