€40,000 curtha ar fáil d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2016 agus Seo Linn fógartha mar ambasadóirí na féile

Beidh deontais idir €500 agus €2,500 ar fáil d’eagrais agus do ghrúpaí i mbun imeachtaí agus feachtas pobail i rith Sheachtain na Gaeilge. Roghnaíodh Seo Linn mar ambasadóirí na féile mar gheall ar an 'dea-shampla' atá tugtha acu don aos óg

Seo-Linn1

Beidh deontais idir €500 agus €2,500 ar fáil d’eagrais agus do ghrúpaí i mbun imeachtaí agus feachtas pobail i rith Sheachtain na Gaeilge, a bhuíochas le €40,000 a bhronn Fondúireacht Phobail na hÉireann ar Chonradh na Gaeilge inné.

Glacfar le hiarratais ar dheontas ó Chiste Tacaíochta Sheachtain na Gaeilge 2016 ar 11 Eanáir 2016 agus beidh ocht lá déag ag eagrais agus grúpaí cur isteach air agus cuirfear an t-airgead ar fáil do na hiarratais rathúla faoi lár mhí Feabhra. Bíonn Seachtain na Gaeilge ar siúl idir 1-17 Márta.

Déanfar measúnú ar na hiarratais ar na deontais bunaithe ar an bplean don imeacht nó feachtas, an taithí atá ag lucht a eagraithe, an chaoi a gcuirfidh siad an Ghaeilge chun cinn agus ar na naisc a bheidh acu le cúrsaí cultúir agus staire, ag cur san áireamh Comóradh an Chéid, 1916.

Tá Seachtain na Gaeilge ag iarraidh ar ghrúpaí a bhfuil spéis acu sa chiste tacaíochta tús a chur leis an bpleanáil d’imeachtaí agus feachtais ‘spleodracha nua’ anois.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, go gcuirfidh an ciste tacaíochta go mór leis na himeachtaí a bheidh á reáchtáil i rith Sheachtain na Gaeilge.

“Is céim mhór chun tosaigh do Sheachtain na Gaeilge é an maoiniú seo agus táimid fíorbhuíoch d’Fhondúireacht Phobail na hÉireann as. Cuirfidh an ciste tacaíochta go mór le réimse agus le caighdeán na n-imeachtaí agus na bhfeachtais pobail a bheidh ar siúl do Sheachtain na Gaeilge 2016 trí thacaíocht luachmhar a chur ar fáil do ghrúpaí a bheidh rannpháirteach san fhéile an bhliain seo chugainn,” a dúirt sí.

Idir an dá linn, tá sé fógartha ag lucht eagraithe Sheachtain na Gaeilge gurb iad baill an bhanna ceoil Gaelach, Seo Linn, a bheidh ina n-ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2016. Cuireadh giolc amach ó chuntas na féile le linn do Sheo Linn a bheith ag casadh ceoil ar an Late Late Show oíche Dé hAoine inar fógraíodh an ceapachán.

Dúirt Urlabhraí de chuid Sheachtain na Gaeilge, gur roghnaíodh an banna ceoil mar ambasadóirí don bhliain seo chugainn mar gheall ar an dea-shampla atá tugtha acu don aos óg faoin nGaeilge.

“Tá Seo Linn ag déanamh go leor chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá gach duine sa bhanna ceoil an-tógtha leis an nGaeilge. Tá siad á cur chun cinn ar bhealach nua-aimseartha agus spraíúil agus luíonn sé sin le bunaidhmeanna Sheachtain na Gaeilge.

“Anuas air sin, tá siad ag obair go lán-aimseartha anois mar bhanna ceoil Gaeilge agus is iontach an sampla é sin do dhaltaí scoile na tíre. Tá siad ag baint slí bheatha as an nGaeilge agus ag léiriú go bhfuil deiseanna ann do chainteoirí Gaeilge,” a dúirt sé

Beidh Seo Linn ag tacú le mórimeacht Sheachtain na Gaeilge ‘Féile na Físe’ ar an 15 Márta a dhéanfaidh ról na Gaeilge agus cultúir na hÉireann i 1916 a chomóradh agus an chaoi ar chuimsigh an fhís a bhí ag ceannairí an Éirí Amach d’Éirinn an dá rud. Tá leagan nua den amhrán clúiteach a chum an Piarsach agus a chanadh na hÓglaigh le linn Éirí Amach na Cásca agus Chogadh na Saoirse, ‘Oró ‘Sé Do Bheatha Abhaile’, agus é taifeadta ag Seo Linn. Cuirfear amach é mar chuid den imeacht sin.

Fág freagra ar '€40,000 curtha ar fáil d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2016 agus Seo Linn fógartha mar ambasadóirí na féile'