Ní bheidh na ranganna ceoil, damhsa agus amhránaíochta a bhíodh á gcur ar fáil do pháistí Chonamara ag An Gaelacadamh á gcur ar fáil ag Ealaín na Gaeltachta an fómhar agus an geimhreadh seo.
Tá deontas €325,000 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh d’Ealaín na Gaeltachta chun na healaíona dúchasacha a chur chun cinn i measc na n-óg ar fud na Gaeltachta le linn na scoilbhliana 2018/2019.
Méadú é seo ar an allúntas a cuireadh ar fáil don chlár seo anuraidh agus mar chuid den allúntas nua beidh an €130,000 a bhíodh á íoc roimhe seo leis An Gaelacadamh anois á thabhairt d’Ealaín na Gaeltachta leis na ranganna a chur ar fáil i nGaeltacht Chonamara.
Ó tharla An Gaelacadamh a bheith scortha tá na cúraimí a bhíodh ar an eagraíocht sin a n-aistriú go dtí Ealaín na Gaeltachta, fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta.
Dúirt Aire stáit na Gaeltachta aréir nach mbeadh ar chumas na heagraíochta ranganna a chur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Eanáir 2019 “de bharr na socruithe maidir le hearcú teagascóirí agus cúrsaí riaracháin eile atá le cur i gcrích lena chinntiú go gcuirfear seirbhís chuimsitheach ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí araon”.
Dúirt an tAire Stáit, áfach, go raibh sé féin agus a Roinn “ag breathnú go gníomhach ar bhealaí chun gur féidir an tseirbhís seo a choinneáil ag imeacht idir seo agus deireadh na bliana”. Dhéanfaí fógra eile faoin scéal go luath, a dúirt sé. Dúirt an tAire Stáit go dtuigeann sé do na tuismitheoirí a bhfuil “imní” orthu maidir le “leanúnachas” na seirbhíse i gConamara agus ghabh sé buíochas leo “as a gcuid tuisceana agus foighne”.
Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo go raibh “imní mhór” orthu nach mbeadh fáil i mbliana ar na ranganna sna healaíona dúchasacha Gaelacha do pháistí Chonamara agus Árann.
D’iarr an eagraíocht tuismitheoirí ar Aire Stáit na Gaeltachta soiléiriú a tabhairt faoina bhfuil i ndán do na ranganna a bhíodh á gcur ar fáil ag an nGaelacadamh.
I ráiteas a chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta amach Déardaoin, tugadh le fios go raibh litir seolta acu go dtí Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh chun soiléiriú a fháil faoina bhfuil i ndán do na ranganna.
Chuir Tuismitheoirí na Gaeltachta in iúl go raibh tuismitheoirí agus múinteoirí i dteagmháil leo faoin scéal agus imní orthu faoin soláthar a dhéanfaí do na ranganna ceoil, damhsa agus amhránaíochta idir Meán Fómhair agus deireadh na bliana.
Sa litir a seoladh chuig Joe McHugh, dúradh gur “údar mór díomá agus imní” do Thuismitheoirí na Gaeltachta scor an Ghaelacadaimh “agus deireadh a bheith curtha dá réir leis na ranganna sna healaíona dúchasacha Gaelacha a bhí á gcur ar fáil acu sa gceantar Gaeltachta is mó sa tír”.
“’Siad gasúir Chonamara agus Árann atá thíos leis seo. Dream iad nach bhfuil in ann cur ar a son féin i bpróiseas dá leithéid seo ach a bhfuil an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus gach a bhfuil i straitéisí an rialtais ag brath orthu leis an teanga agus an dúchas a thabhairt slán.
“Tá siad fágtha ar an bhfaraor géar agus níl aon ghlacadh againne mar thuismitheoirí leis seo,” a dúradh sa litir ó Thuismitheoirí na Gaeltachta chuig Aire Stáit na Gaeltachta.
Dúradh sa litir nach raibh aon “spéis” ag an eagraíocht tuismitheoirí “i leithscéalta a bhaineann le deacrachtaí maorlathais”.
“Tá an chumhacht agatsa [Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh] gníomh a dhéanamh agus tá muid ag achainí ort, socrú eatramhach a chur i bhfeidhm láithreach a chinnteoidh nach mbeidh aon bhriseadh sa soláthar ranganna. Iarrann muid ort aird a thabhairt ar an achainí seo agus freagra a thabhairt orainn a luaithe in Éirinn agus is féidir,” a dúradh i litir Thuismitheoirí na Gaeltachta.
Dúirt an eagraíocht go mbeifí “ag géarú ar an bhfeachtas” sa chás nach mbeadh na ranganna á gcur ar fáil as seo go deireadh na bliana.
I ráiteas a d’eisigh Roinn na Gaeltachta aréir, dúradh go raibh sé i gceist faoin gclár nua a bheidh á chur ar fáil ag Ealaín na Gaeltachta “leathnú agus forbairt” a dhéanamh “ar an soláthar ranganna ceoil, damhsa, amhránaíochta agus ealaíona béil ar fud na gceantar Gaeltachta uile”. Dúradh chomh maith go ndéanfaí “iniúchadh cuimsitheach ar na deiseanna oiliúna sna healaíona traidisiúnta atá ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta ar fad i láthair na huaire”.
Maidir leis na ranganna féin, beidh siad á gcur ar fáil i scoileanna Ghaeltacht na Gaillimhe, i Scoil Cheoil na Crannóige i nGaoth Dobhair i nDún na nGall agus in Ionad Cultúir an Dochtúir Ó Loingsigh i mBaile Bhuirne i gCorcaigh. €69,300 atá á íoc le hEalaín na Gaeltachta do Scoil Cheoil na Crannóigem, €25,000 atá á thabhairt dóibh d’Ionad Cultúir an Dochtúir Ó Loingsigh agus tá €100,700 á chur ar fáil dóibh “chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar na deiseanna oiliúna sna healaíona traidisiúnta atá ar fáil do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta ar fad”.
Dúradh go mbeifear “ag féachaint” ar na ceantair Ghaeltachta eile ar fad “ar mhaithe leis an gclár a chur ar fáil sna ceantair sin sna blianta atá amach romhainn”.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh sé “iontach sásta” an maoiniú a fhógairt “chun cuidiú le ranganna sna healaíona traidisiúnta a chur ar fáil do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta”.
Dúirt sé gur “deis mhaith iad na healaíona leis an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú i measc an aosa óig”.
“Tá Ealaín na Gaeltachta ag déileáil le cúrsaí ealaíne in achan cheantar Gaeltachta le blianta fada agus tá tuigmheáil acu ar riachtanais na bpobal sna ceantair sin,” a dúirt an tAire Stáit.
Mairéad
Is fada an tréimhse ó Bealtaine 2018 go Meán Fómhair 2019 gan ranganna do bheith ar fáil. Eireoidh go leor daoine óga as ceol agus amhráin a casadh idir an dá linn. Is buille uafásach é seo do thuismitheoirí agus páistí Chonamara agus Árann. Bliain na Gaeilge atá siad ag glaoch ar 2018 sa Dáil ach sa nGaeltacht ní dóigh liom é.
Donncha Ó hÉallaithe
Ní thuigim cén fáth ar ghá don Roinn soláthar na ranganna a stopadh i gceantar amháin Gaeltachta, sula raibh na socraithe déanta le Ealaín na Gaeltachta iad a leathnú ‘ar fud na gceantar Gaeltachta uile’, más é sin a bhí uathu. Glacaim leis go gclúdaíonn ‘ar fud na gceantar Gaeltachta uile’, na ceantair oifigiúla Gaeltachta nach bhfuil aon Ghaeilge ar fiú trácht air fanta iontu, ach atá fós sa Ghaeltacht de bharr siléigeacht Roinn na Gaeltachta. Is sampla eile é seo den bhealach a bhfuil na ceantair ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar ag cailliúnt amach mar go dteastaíonn ón Roinn leanacht leis an gcur i gcéill faoi na áiteacha atá sa Ghaeltacht oifigiúil, dar leis an Roinn, nach bhfuil Gaeilge á usáid ag mórán daoine iontu.
Feardorcha
Seans gur iarracht é ag an Roinn na féiríní beaga deasa a thug Éamo s’eainne do Chonamara a riar go cothrom faoi dheireadh.