Tá €321,493 de dheontais faofa ag Bord Fhoras na Gaeilge do scéimeanna éagsúla an Fhorais. Ceadaíodh an maoiniú ag cruinniú de chuid an Bhoird a reáchtáladh i nDoire an tseachtain seo caite.
Cuirfear €96,554 ar fáil faoi Scéim na bhFéilte a chuireann na healaíona Gaeilge, na healaíona dúchasach agus oidhreacht na Gaeilge chun cinn. Bíonn na Féilte i nGaeilge amháin nó sa dá theang agus cuirtear ardán idirnáisiúnta ar fáil dóibh do phobal na Gaeilge i gcóngar is i gcéin.
Ceadaíodh 92 deontas faoi Scéim na gCampaí Samhraidh ar luach €194,939. Cuireann na Campaí Samhraidh, a reáchtáiltear in 18 contae ar fud na tíre deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don aos óg agus spreagann iad chun í a labhairt. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur “comhartha dearfach don Ghaeilge atá i líon na bhféilte agus gcampaí a bheidh á reáchtáil ó thuaidh agus ó dheas i mbliana.”
Fuair an comhlacht puipeadóireachta Fíbín agus TG4 atá lonnaithe i gConamara €15,000 dá n-aip oideachasúil do ghasúir idir 3 bliana agus 7 mbliana d’aois bunaithe ar an tsraith nua teilifíse Meangadh Fíbín. Táthar ag súil go dtacóidh an aip le páistí cur lena gcumas teanga trí spraoi.
Cuireadh €15,000 ar fáil d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2015 a bheidh á n-eagrú agus á bhforbairt ag an gceanneagraíocht Oireachtas na Gaeilge.
Fág freagra ar '€321,493 de dheontais faofa ag Foras na Gaeilge do scéimeanna agus tionscadail eile'