Tá maoiniú os cionn €3 milliún ceadaithe ag Aire na Gaeltachta d’Ollscoil Mhá Nuad chun forbairt a dhéanamh ar Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus tionscadail teanga eile.
Tá formhór an airgid atá ceadaithe, €2.3 milliún, le cur ar fáil chun scrúduithe caighdeánacha agus teastasú TEG a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus d’úsáideoirí oilte Gaeilge, atá ag iarraidh dearbhú neamhspleách a fháil ar a gcumas teanga sa Ghaeilge.
Faoin reachtaíocht teanga, beidh ar an Stát i bhfad níos mó daoine le cumas sa nGaeilge a earcú sna blianta amach romhainn agus dúirt an tAire Dara Calleary go mbeidh “ról lárnach” ag TEG in obair an stáit i dtaobh na teanga de.
Nuair a bhí an reachtaíocht á plé sa Dáil, mhol polaiteoirí ón rialtas agus ón bhfreasúra go dtabharfaí san acht sainmhíniú ar inniúlacht sa nGaeilge a bheadh bunaithe ar an FTCE ach dhiúltaigh an rialtas é sin a dhéanamh agus dúradh go mbeadh “solúbthacht” ag teastáil.
Tá breis is 20,000 scrúdú TEG curtha ar fáil ag Ollscoil Mhá Nuad d’iarrthóirí ó cuireadh an teastas ar an bhfód in 2005.
Is é TEG an t-aon chóras neamhspleách teastasaithe atá ar fáil don Ghaeilge, agus é ailínithe leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE).
Dúirt an tAire Calleary go raibh ríméad air an maoiniú breise don tréimhse trí bliana romhainn a fhógairt.
“Tá tábhacht faoi leith le TEG ó thaobh acmhainneacht an phobail agus an státchórais sa teanga a dheimhniú, agus beidh ról lárnach aige in iarrachtaí an Stáit i dtaobh chumasú an phobail sa Ghaeilge sna blianta romhainn,” a dúirt an tAire.
Ghabh Aoife Ní Ghloinn, Stiúrthóir Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, buíochas leis an Aire as an airgead a chur ar fáil agus dúirt sí go dtacódh sé le tuilleadh forbairtí a dhéanamh ar an gcóras, “go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de”.
Anuas ar an tacaíocht airgid do TEG, d’fhógair an tAire Calleary freisin maoiniú dar luach €823,979 san iomlán do thrí thionscadal eile ag Ollscoil Mhá Nuad, Snas.ie, suíomh acmhainní teagaisc agus foghlama (€331,079); An Teastas i Múineadh na Gaeilge (ar líne) (€293,224); agus cúrsaí agus imeachtaí Gaeilge sa Centre Culturel Irlandais i bPáras (€199,676).
Fág freagra ar '€3 milliún fógartha ag Aire na Gaeltachta d’Ollscoil Mhá Nuad, do TEG agus tionscadail Ghaeilge eile'