€3 milliún breise don Ghaeilge i mbuiséad na Roinne Oideachais

Tá dhá mhilliún curtha ar leataobh i mBuiséad 2021 do mhic léinn nár éirigh leo tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht in 2020

€3 milliún breise don Ghaeilge i mbuiséad na Roinne Oideachais

Tá trí mhilliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbuiséad na Roinne Oideachais do 2021.

Cuirfear dhá mhilliún breise ar fáil don bhliain seo chugainn le híoc as tréimhse Ghaeltachta don dá chohórt mac léinn nár éirigh leo tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht i mbliana de bharr an Covid-19.

Cuirfear €1 milliún breise ar fáil do Pholasaí Oideachais na Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

€8.9 billiún an buiséad iomlán a bheidh ag an Roinn Oideachais an bhliain seo chugainn, méadú €410 milliún.

Gealltar go ndéanfar infheistíocht €2 billiún chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Cruthófar 990 post do chúntóirí riachtanais speisialta agus 403 post do mhúinteoirí oideachas speisialta.

Idir an dá linn, tá na figiúirí beachta do Bhuiséad 2020 foilsithe inniu ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

€18.3 milliún breise atá curtha ar fáil don Roinn don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag áireamh €3.5 milliún breise do TG4.

Méadú €14.8 milliún a fógraíodh ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta agus €78 milliún a bheidh le caitheamh acu an bhliain seo chugainn.

€8.132 milliún breise atá á chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta,  €4.454 milliún de a bhaineann le maoiniú caipitil do chruthú fostaíochta. Beidh buiséad caipitil nach mór €14.5 milliún ag an Údarás an bhliain seo chugainn.

€507,000 breise atá curtha ar leataobh do Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga. €5 milliún a bheidh ar fáil don phleanáil teanga an bhliain seo chugainn agus €1.3 milliún breise curtha ar fáil di.

€1.779 milliún breise a fógraíodh don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus an Ghníomhaireacht Ultaise.

€1 milliún breise atá ann do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne taobh amuigh den Ghaeltacht agus €1.368 milliún atá curtha ar leataobh  d’fhorbairt ionad Gaeilge ar fud na tíre.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers:

“Tá áthas orm a bheith in ann leithdháileadh breise €1m a chur ar fáil do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá na scéimeanna seo tar éis cur go mór le tionscadail nuálacha teicneolaíochta Gaeilge le blianta beaga anuas agus tá mé ag súil le tuilleadh dul chun cinn a fheiceáil sa réimse seo sa bhliain seo romhainn, go háirithe i ndáil leis an stáisiún raidió ceoil móréilimh dírithe ar dhéagóirí le Gaeilge, Raidió Rí-Rá.

 “Tá gealltanas tugtha ag an Rialtas, trí Thionscadal Éire 2040, d’fhorbairt na lárionad Gaeilge ar fud na tíre agus cuirfidh an leithdháileadh caipitiúil méadaithe €1.368m an réimse seo go mór chun cinn in 2021.”

Fág freagra ar '€3 milliún breise don Ghaeilge i mbuiséad na Roinne Oideachais'