€3 milliún a íocadh ar Arramara Teoranta, praghas a coinníodh faoi rún le nach mór deich mbliana

Bhain clásal rúndachta a mhairfidh go dtí an bhliain seo chugainn le cinneadh Údarás na Gaeltachta an comhlacht Arramara Teoranta a dhíol le Acadian Seaplants as Ceanada

€3 milliún a íocadh ar Arramara Teoranta, praghas a coinníodh faoi rún le nach mór deich mbliana

€3 milliún a fuair Údarás na Gaeltachta ar an gcomhlacht feamainne Arramara Teoranta, figiúr atá coinnithe faoi rún le nach mór deich mbliana anuas.

Nuair a cheannaigh Acadian Seaplants as an Albain Nua i gCeanada an comhlacht Arramara, cuireadh ‘clásal rúndachta’ deich mbliana sa chomhaontú díolacháin, rud a chothaigh cuid mhaith cainte agus conspóide ag an am.

Mairfidh an clásal rúndachta go dtí an bhliain seo chugainn, ach tuigtear do Tuairisc gur thart ar €3 milliún an praghas a íocadh leis an Údarás ar Arramara Teoranta in 2014.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo, dúradh i miontuairiscí cruinniú de chuid Bhord an Údaráis i Márta 2013 go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”.

Níor dúradh sna miontuairiscí cérbh iad na “iarmhairtí tromchúiseacha” sin, ach bhí na socruithe chomh leochaileach sin gur iarradh ar bhaill bhord an Údaráis na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe.

Dé réir an chlásail rúndachta, bheadh scéala oifigiúil faoi cé mhéad a tugadh ar Arramara, atá i mbun gnó i gConamara le 75 bliain, ar fáil in 2024.

Bhí a dteanga bheag caite ag coistí agus daoine eile i gConamara ag tuineadh leis an Údarás ag iarraidh an eolais seo, ach ní raibh dur le cloisteáil as na Forbacha.

Glactar leis go raibh an gealltanas tugtha don cheannaitheoir agus d’fhéadfadh go raibh coinníollacha gnó ag baint leis an gclásal rúndachta, ach ba dheacair a thuiscint nárbh fhéidir tuairisc a chur ar fáil faoin bpraghas.

Chothaigh an rúndacht caint, comhrá agus cúlchaint agus meastar nár chuidigh sé le cáil an Údaráis sna blianta siar.

Is scéal thairis é an praghas a íocadh ar Arramara do go leor atá ag déanamh climíní i gcladaí Chonamara.

Níl cur síos ná inseacht scéil ar a bhfuil de chorráin agus do sceana á gceannacht i gConamara faoi láthair agus borradh faoi phraghas na feamainne.

“Tá siad ag dul amach an doras chomh sciobtha le huachtar reoite lá brothallach,” a deir siopadóir i gConamara. “Ní fhágfar sop sa gcladach.”

Ní dóigh go bhfuil aon bhaol air sin ach is fada cheana a ó bhí an oiread sin fuadair faoi dhaoine ag fiach ar fheamainn bhuí.

Ní daoine óga amháin atá ag triall ar an gcladach lena gcuid corrán agus sceana – tá ceathrar fear atá gafa amach sna seachtóidí ag baint sna cladaí in Iorras Aithneach.

Creideann daoine anois gur fiú an tairbhe an trioblóid. €110 atá á thabhairt ar thonna feamainne anois, a thrí oiread is a bhíothas a thabhairt ar thonna beagán blianta ó shin.

Tá na ceannaitheoirí fairsing freisin – ceithre dhream acu ar fiach ar fheamainn Chonamara. Is í an choimhlint eatarthu a chuir an praghas go spéir agus tá Arramara Teoranta ar cheann de na hiomaitheoirí sa rása seo agus ar an gcomhlacht is mó díobh.

Ach an cheist ná an féidir tuilleadh buntáiste a bhaint as an bhfeamainn bhuí sna ceantair ina bhfásann sí.

Leis na blianta fada tá an fheamainn á triomú in Éirinn agus á cur thar sáile, den chuid is mó. Meastar go bhféadfaí an buntáiste áitiúil a bhaineann léi a mhéadú. Ceapadh go raibh an fhorbairt sin le déanamh nuair a d’iompaigh Acadian Seaplants a gcompás i dtreo Chonamara.

An fheamainn a leá agus súlach a dhéanamh di – leachtú nó ‘liquidisation’ – an chéim atá ag teastáil, a deir na saineolaithe. Ansin a bheadh an bhuachtáil bhreise agus bhí fonn ar chomhlacht Acadian Seaplants cúpla milliún a chaitheamh ar a leithéid sin d’fhorbairt.

Ach baineadh cor as an gcomhlacht as Ceanada, agus níor éirigh leo ceadúnas a fháil le smacht, cuid mhaith, a fháil ar bhaint na feamainne i gcladaí Chonamara. Bhíodar, gan dabht, ag cloí leis an gcleachtas oifigiúil – sin go mba leis an Stát na cearta ar chuile shórt taobh thíos den snáth mara agus gur theastaigh ceadúnas. Rinne Acadian Seaplants iarracht na ceadúnais a fháil, ach chuaigh an scéal in aimhréidh.

Shocraigh an Rialtas, ar chomhairle an Ard-Aighne, go raibh brí agus bunús le seanchleachtais a bhí ag tionóntaí cois cósta, agus go raibh cearta acu – ach iad sin a dheimhniú – sa gcladach.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Acadian Seaplants nach mbeadh siadsan ag déanamh aon chaiteachas mór eile – bheadh na milliúin ag teastáil le haghaidh córas leachtaithe a bhunú – nó go mbeidís cinnte go mbeadh soláthar dóthanach agus rialta feamainne acu féin.

Pé deis a bhí ann ar a leithéid sin de ghealltanas roimhe seo, ní dóigh go bhfuil seans ar bith ar anois.

An té is géire scian, bíodh sé ag feannadh agus ag díol lena rogha duine – sin é an saol atá ann anois. Tá Arramara agus Acadian Seaplants sa mbád céanna leis na comhlachtaí eile, iad go léir ag iarraidh pé ar bith sop atá le fáil a fháil anois agus é a chur chun bealaigh é.

Is deacair a rá mar sin an bhfuil seans ar bith ann go ndéanfar fhorbairt ar bhealaí nua láimhsithe feamainne a thuillfeadh sochar breise anseo sa mbaile.

Tuigtear go raibh go leor dreamanna atá ag plé le feamainn – agus fásra mara – de chineálacha éagsúla ag cur spéise i ndeiseanna oibre ar Pháirc na Mara i gCill Chiaráin. Bheadh 80% den obair ar an bPáirc bainteach le feamainn agus fásra eile mara, dá n-éireodh leo de réir mar a bhí beartaithe acu.

Ach tá Páirc na Mara ar an bhfaraor géar, go fóilleach ar chuma ar bith, agus diúltaithe ag an mBord Pleánala di.

Idir a dá linn, níl aon chosúlacht ann go mbeidh leachtú feamainne á fhorbairt anseo sna blianta beaga amach romhainn. Faoi láthair tá daoine praiticiúla sa gcladach agus iad ag súil le dea-aimsir agus le climíní maithe troma téagartha, fáiscthe ag fir na sceana agus na gcorrán.

Gan iadsan ní bheidh monarcha ná córas leachtaithe feamainne ag teastáil.

Fág freagra ar '€3 milliún a íocadh ar Arramara Teoranta, praghas a coinníodh faoi rún le nach mór deich mbliana'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is an cósta agus an bhithéagsúlacht a bheas thíos leis i ndeireadh na dála is cuma cé a bheas ag baint an fheamainne… Ag cuir luach airgid ar an dúlra. Beidh an t-uisce a ólann muid ar an chéad rud eile…