€3.6m ar fad le cur ar fáil ag an Rialtas don phleanáil teanga in 2022

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers i bPort Láirge inniu chun plean teanga Dhún Garbhán a sheoladh

€3.6m ar fad le cur ar fáil ag an Rialtas don phleanáil teanga in 2022

Breis is €3.6m a chuirfidh an Rialtas ar fáil don phróiseas pleanála teanga i mbliana.

D’fhógair an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers inniu go raibh €3,169,380 á cur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus €494,000 eile d’Fhoras na Gaeilge chun an próiseas a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht in 2022.

Rachaidh cuid den mhaoiniú sin i dtreo feidhmiú phlean teanga Dhún Garbhán, plean a sheol an tAire Stáit Chambers le linn a chuairte ar Phort Láirge inniu.

Is é an grúpa Dún Garbhán le Gaeilge a chuir an plean teanga seo i dtoll a chéile chun an próiseas pleanála teanga a chur ar bun i nDún Garbhán, baile a bhfuil stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta aige.

Fostófar Oifigeach Pleanála Teanga leis an bplean a chur i bhfeidhm faoi stiúir na heagraíochta sin agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Maoiniú €80,000 sa bhliain a bheidh ar fáil chun an t-oifigeach a fhostú agus an plean a chur i bhfeidhm.

Is é plean teanga Dhún Garbhán an séú plean teanga a ceadaíodh do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. Tá pleananna á gcur i bhfeidhm cheana féin i Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath agus Trá Lí.

Thréaslaigh an tAire Stáit Jack Chambers le Dún Garbhán le Gaeilge as an obair a rinneadh chun an plean teanga a chur le chéile.

“Ach an oiread leis na pleananna eile ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Dhún Garbhán do phobal an bhaile a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán chuig na glúnta atá le teacht,” a dúirt sé.

Agus é i bPort Láirge inniu, thug an tAire Stáit Chambers cuairt ar Choláiste na Rinne, áit ar chas sé le hionadaithe ón choláiste samhraidh, ó Chomhlucht Forbartha na nDéise agus leis an oifigeach pleanála teanga sa cheantar.

Fógraíodh níos luaithe i mbliana go raibh pleananna teanga ceadaithe do gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta sa tír.

Fág freagra ar '€3.6m ar fad le cur ar fáil ag an Rialtas don phleanáil teanga in 2022'

  • Kevin Ó Tuathaigh

    Bhuel, is tús é ar aon nós, cé nach bhfuil an rialtas seo ró-láidir ar an nGaeilge. Ar an lámh eile, tá tuarastal brea le fáil don té a bhfaigheann an post mar oifeagach na Gaeilge anseo – 80,000 euro!
    Wow, mar a deireann na Meireacáinaigh! :D

  • Máire Uí Dhufaigh

    Dar ndóigh ní ar thuarastal an OPT a chaithfear an t- airgead ar fad a bronnadh! Rachaidh beagnach leath den mhaoiniú i dtreo na mBearta atá sa Phlean Tsanga a chur i bhfeidhm.