€25,000 ar fáil ón Údarás do Chomóradh 1916

Tá iarratais á lorg ag Údarás na Gaeltachta ón bpobal le himeachtaí a eagrú sa Ghaeltacht mar chomóradh ar Éirí Amach 1916

1916 rising

Tá ciste de €25,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta le scaipeadh orthu siúd ar mian leo imeachtaí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a reáchtáil a dhíreoidh ar cheiliúradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916 le linn na bliana 2016.

Tá sé i gceist an maoiniú a chur fáil do thionscadail a bheidh ar siúl ar fud na Gaeltachta. Beidh ó €100 go huasmhéid €5,000 ar fáil ag brath ar chaighdeán an tionscadail.

Tabharfar maoiniú suas le 80% den chostas iomlán do thograí a bheidh ag teacht le príomhthéamaí chlár Éire 2016, mar a leag an Rialtas amach níos túisce i mbliana iad: Cuimhneamh, Athmhuintearas, Láithriú, Samhlú agus Ceiliúradh. Is féidir gur imeacht amháin nó sraith imeachtaí le linn 2016 a bheidh i gceist.

Caithfidh go rachadh an t-iarratas chun tairbhe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus caithfidh ardchaighdeán cruthaíochta agus samhlaíochta a bheith ag baint leis.

Deir an tÚdarás go dtabharfar tús áite “d’iarratais a léiríonn féidearthachtaí le líon ard lucht féachana a mhealladh”. Ina dhá thráthchuid a íocfar an deontas, a deir an tÚdarás. Beidh réamhíocaíocht suas le 50% den mhaoiniú iomlán i leith obair ullmhúcháin agus íocfar an fuílleach nuair a bheidh an togra curtha i gcrích.

Tá an Ciste Ceiliúrtha oscailte do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí nó do choistí a bhfuil spéis acu imeachtaí Gaeilge a reáchtáil.

Fág freagra ar '€25,000 ar fáil ón Údarás do Chomóradh 1916'