€23 milliún don Ghaeltacht i mbuiséad malartach Shinn Féin

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur plean ‘i dtreo athnuachan na Gaeilge agus na Gaeltachta’ atá i mbuiséad malartach a pháirtí

€23 milliún don Ghaeltacht i mbuiséad malartach Shinn Féin

Maíonn Sinn Féin go gcuirfí €23 milliún breise ar fáil in 2022 don Ghaeltacht dá mbeidís féin i mbun Bhuiséad an lae inniu.

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur plean “i dtreo athnuachan na Gaeilge agus na Gaeltachta” atá i mbuiséad malartach a pháirtí.

“D’éist muid go géar le héilimh ó earnáil na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-ealaíon le cúpla mí anuas agus tar éis a lán oibre a chur isteach chun a chinntiú gur féidir íoc as gach gníomh atá molta againn agus go bhfuil na costais oibrithe amach i gceart, táim bródúil as an dá dhoiciméad atá curtha le chéile againn sa deireadh.

“Tá sé i gceist againn tabhairt faoi na ciorruithe nimhneacha a rinneadh ar an earnáil le linn an chúlaithe eacnamaíochta a chur ina gceart, rud ba chóir a bheith déanta i bhfad roimhe seo, go háirithe Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais do theaghlaigh Ghaeltachta, agus comhlachtaí stáit tábhachtacha ar nós Gaeleagras agus an Coimisiún Logainmneacha a athbhunú,” a dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin.

€13 milliún atá curtha ar leataobh d’Údarás na Gaeltachta i mbuiséad malartach Shinn Féin. €8 milliún a thabharfaí don eagraíocht Ghaeltachta mar chiste caipitil agus €5 milliún breise chun clár oibreacha poiblí a chur ar bhun agus tacú le comharchumainn Ghaeltachta agus tograí eile, lena n-áirítear scéim chun Gaeilgeoirí a mhealladh chun obair sa bhaile sa Ghaeltacht.

Deir Sinn Féin go dtabharfaidís ar ais Scéim Labhairt na Gaeilge, agus go gcuirfidís €500 ar fáil don gach páiste réamhscoile agus scoile atá á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Chuirfidís an deontas caipitíochta ar fáil arís do Choláistí Samhraidh Gaeltachta faoin bhuiséad malartach, chomh maith le Ciste Cobhsaíochta do Choláistí Samhraidh Gaeltachta agus deontas aon uaire €1m do mhná agus fir tí.

Tá €1.45 milliúin fógartha ag Sinn Féin chun ‘Gaeleagras’ a athbhunú. Bheadh scoláireachtaí ar fáil do státseirbhísigh agus d’fhostaithe i gcomhlachtaí poiblí agus príobháideacha a chuirfeadh seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge le freastal ar chúrsaí “tumoideachais sa Ghaeltacht”, rud a chuirfeadh “beocht” in earnáil na gcoláistí Gaeltachta.

Bheadh sé mar aidhm ag Sinn Féin chomh maith borradh mór a chur faoi líon na scoláireachtaí Gaeltachta a bhronntar ar pháistí a bhíonn ag freastal ar scoileanna Deis.

Tá €18 milliún breise ar fáil do chur chun cinn na Gaeilge i mbuiséad malartach Shinn Féin.

Deir Sinn Féin dá mbeidís i bhfeighil an státchiste go gcuirfí €4.5 milliún breise ar fáil d’Fhoras na Gaeilge (€6 milliún a bheadh ann nuair a chuirfí maoiniú an Tuaiscirt san áireamh). Deir an páirtí is mó stát de réir na bpobalbhreitheanna go gcaithfí €2.5 milliún den airgead sin ar an bpleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht.

Faoin bhuiséad atá molta ag an bpáirtí, thabharfadh Sinn Féin €600,000 d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun polasaí don ollscolaíocht Ghaeilge a ullmhú.

Sa bhreis ar an €41 milliún a chuirfeadh Sinn Féin ar fáil don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, tá €1 milliún curtha ar leataobh do na meáin Ghaeilge  do chlár iriseoireachta.

Chuirfí €5 milliún breise sa bhliain ar fáil do TG4 le haghaidh tréimhse dhá bhliain ó 2022 ar aghaidh agus thabharfaí €500,000 do Raidió Rí-Rá le stáisiún náisiúnta óige don Ghaeilge a bhunú.

Maíonn an páirtí go gcuirfidís €250,000 breise ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge a bhíonn á reáchtáil ag Foras na Gaeilge agus á mhaoiniú ag Roinn na Gaeltachta.

Dhéanfadh Sinn Féin an Coimisiún Logainmneacha a athbhunú ar chostas €500,000 mar chuid d’fheachtas ina ndéanfaí “athGhaelú” ar logainmneacha na tíre.

Deir Sinn Féin go ndéanfaidís buiséad an Choimisinéara Teanga a dhúbailt don bhliain 2022 le go bhféadfadh sé “tabhairt faoina dhualgais nua agus breis foirne a fhostú”.

Fág freagra ar '€23 milliún don Ghaeltacht i mbuiséad malartach Shinn Féin'

  • Seán ÓM

    Tugann Scéim Labhairt na Gaeilge aitheantas agus stádas don Ghaeilge – go mór mór i gceantracha Gaeltachta atá faoi bhrú an Bhéarla agus breac-Ghaeltachtaí.

    Ní bhaineann sé amháinh leis an airgead féin agus ba mhaith an rud a bhéas ann an scéim seo a fháil ar ais.

  • Pól Ó Braoin

    Is fada liom an lá a thiocfaidh Sinn Féin i gcumhacht tar éis céad bliain de fffg a fhulaingt. Cuirfidh sé iontas orm má cheadaítear an moladh seo mar feictear dom nach ligtear do dhuine tada a rá in aghaidh an dream sin sa ‘rialtas’.