€2 milliún le baint de chiste Roinn na Gaeltachta chun íoc as Ospidéal Náisiúnta na Leanaí

D’fhógair an tAire Airgeadais Paschal Donohoe tráthnóna go mbeifí ag baint €99 milliún de chistí éagsúla i mbliana chun dul i ngleic leis an róchaiteachas ar Ospidéal Náisiúnta na Leanaí

€2 milliún le baint de chiste Roinn na Gaeltachta chun íoc as Ospidéal Náisiúnta na Leanaí

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bainfear €2 milliún de chiste 2019 na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun díol as tógáil Ospidéal Náisiúnta na Leanaí.

Thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe an méid sin tráthnóna agus é á fhógairt aige go mbeifí ag baint €99 milliún de chistí eile i mbliana chun dul i ngleic leis an róchaiteachas ar Ospidéal Náisiúnta Leanaí.

Tiocfaidh €24 milliún den iomlán ó bhuiséad na Roinne Sláinte féin.

Tiocfaidh €27 milliún ón mbuiséad a bhí curtha ar leataobh ón mótarbhealach A5 sa tuaisceart agus tiocfaidh €10 milliún ón mbuiséad don tSaotharlann Náisiúnta Foiréinseolaíochta.

Tiocfaidh €10 milliún ón Roinn Oideachais agus Scileanna mar réamhíocaíocht ar na háiseanna ardoideachais atá beartaithe don ospidéal nua.

Tiocfaidh €16 milliún ó dhá choiste athnuachana de chuid Project Ireland 2040. Ón gciste cumarsáide agus timpeallachta, tiocfaidh €3 milliún ó chiste an OPW dá phlean chun tuilte a bhainistiú.

Tiocfaidh €3 milliún ó chistí eile agus tógfar an €2 milliún deireanach ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Bainfear an t-airgead den Roinn sin trí athrú a dhéanamh ar sceideal na n-íocaíochtaí do thograí caipitil atá in ainm is a bheith críochnaithe in 2019 agus 2020.

Fág freagra ar '€2 milliún le baint de chiste Roinn na Gaeltachta chun íoc as Ospidéal Náisiúnta na Leanaí'

  • Liam Mac Lochlainn

    Cén sórt buiséadaithe é seo? Tá sé ag baint ó Mhánas le Murchadh a íoc.

  • Aine Ni Fhiannusa

    Ó sea, bain den dream nach bhfuil meas orthu agus tabhair don dream atá ag sú airgead ón sparán chun a gcuid pócaí a líonadh arís. Rothaí mór an tsaoil – níor athraigh aon rud agus níl faic foghlamtha go dtí seo………

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tchím go gcuirfidh airgead/cistí – ó na heagraíochtaí siúd atá luaite – leis an otharlann úr. Ach an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta??? Caidé’n méid ‘Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta’ a bheas curtha san otharlann úr seo….?