Tá sé fógartha den dara bliain as a chéile go bhfuil €1 milliún breise de mhaoiniú caipitil curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le haghaidh 2016. Ba é an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh T.D., a d’fhógair an scéal go raibh an maoiniú breise faighte don Údarás sna meastacháin athbhreithnithe.
“Ciallaíonn an fógra seo go mbeidh cistiú iomlán de €6.687m ag Údarás na Gaeltachta a chuideoidh leo poist a choinneáil ina gcliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta.
“Dúirt mé go raibh sé i gceist agam tuilleadh maoinithe a lorg don Údarás faoin phróiseas meastachán athbhreithnithe agus tá áthas orm go bhfuil an maoiniú breise seo faighte agam anois,” a dúirt an tAire Stáit McHugh.
Ardú €25,000, ó €17.485 milliún go dtí €17.510 milliún, a bhí i gceist i mbuiséad na bliana seo i gcás an Údaráis.
D’fhág sé sin go mbeadh an soláthar caipitil céanna ag an Údarás i 2016 is a tugadh don eagraíocht i mBuiséad 2015. €5.687 milliún a cuireadh ar fáil don eagraíocht sa bhuiséad ar mhaithe le forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht i 2016.
Ciallíonn fógra an lae inniu go mbeidh €6.687 milliún ag an Údarás an bhliain seo chugainn.
D’fháiltigh Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, roimh an scéal.
“Cuireann an soláthar breise maoinithe seo ar chumas an Údaráis an clár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta atá aige a mhéadú. Tá an phíblíne maidir le fiosrúcháin gnó nua láidir faoi láthair agus tacóidh an t-ardú sa soláthar caipitil seo leis na tograí sin a thabhairt chun aibíochta.
“Tá muid fíorbhuíoch den Aire Stáit Joe McHugh as an méid atá déanta aige le soláthar breise a aimsiú don Údarás in aeráid atá dúshlánach ó thaobh maoinithe de,” a dúirt Ó Cúláin.