€150,000 ceadaithe do Na Gaeil Óga chun cluichí a chur chun cinn sa phobal

Tá beirt oifigeach nua fostaithe ag Na Gaeil Óga le déanaí chun daoine a mhealladh i dtreo an chumainn agus chun clár forbartha cluichí a chur i bhfeidhm

€150,000 ceadaithe do Na Gaeil Óga chun cluichí a chur chun cinn sa phobal

Daithí de Buitléar, Stiúrthóir Cóitseála Na Gaeil Óga, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers. Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Tá €150,000 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta do chumann CLG lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath chun na cluichí a chur chun cinn i measc an phobail. 

D’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers go raibh an maoiniú ceadaithe aige chun níos mó deiseanna a thabhairt do dhaoine óga agus do theaghlaigh an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais. 

Tá an €150,000 ceadaithe thar thréimhse trí bliana chun tacaíocht ó thaobh na teanga a chur ar fáil do theaghlaigh bhaill an chumainn.  

Tá beirt oifigeach nua fostaithe ag Na Gaeil Óga le déanaí chun daoine a mhealladh go dtí an cumann agus chun clár forbartha cluichí a chur i bhfeidhm. 

An tAire Stáit Jack Chambers. Pictiúr: Leah Farrell / Photocall Ireland

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh sé “ríthábhachtach go mbeadh deiseanna ag daoine óga agus ag teaghlaigh an teanga a úsáid taobh amuigh de chomhthéacs oideachais”.  

“Tugann CLG Na Gaeil Óga deis do gach aoisghrúpa, idir óg agus aosta, an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil agus ról a ghlacadh i gcumann gníomhach lán-Ghaeilge. 

“Tá clubanna CLG ag croílár gach pobal sa tír seo agus tá nasc faoi leith ag na cluichí Gaelacha leis an nGaeilge. Cuireann Na Gaeil Óga go mór le pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an maoiniú seo, agus an maoiniú a chuirtear ar fáil dóibh trí Spórt Éireann, beidh sé ar chumas an chlub tuilleadh daoine a mhealladh i dtreo an spóirt agus na teanga.” 

Chuir Daithí de Buitléar, Stiúrthóir Cóitseála Na Gaeil Óga CLG fáilte roimh an maoiniú. 

“Is mór an tacaíocht é an maoiniú seo dúinn. Níor chreid muid riamh go n-éireodh linn fás chomh tapa lena bhfuil déanta againn le 10 mbliana anuas. Cinnteoidh an maoiniú seo gur féidir lenár scéal fáis leanúint ar aghaidh, trí rannpháirtíocht níos forleithne a spreagadh i measc páistí na ngaelscoileanna agus trí thuilleadh tacaíochtaí a chur ar fáil do thuistí ar mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim le cabhrú le cóitseáil agus riaradh sa chumainn.” 

An tAire Stáit Chambers le cuid d’imreoirí óga Na Gaeil Óga, Rhys Reilly, Caitlin Ní Chonaill, Caolin Reilly, agus Aaron Reilly. Pictiúr: Leah Farrell / Photocall Ireland

Fág freagra ar '€150,000 ceadaithe do Na Gaeil Óga chun cluichí a chur chun cinn sa phobal'

  • Seán ÓM

    Is iontach an scéal é seo – ach caithfidh an tAire Jack agus an Stáit tacú leis an nGealtacht níos mó chomh maith – go mbeadh aon teanga fágtha le scaipeadh sna cathracha!

    Conradh féaráilte, cothrom agus cóir do Choláiste Lurgan mar shampla.