€115,000 breise sa bhliain fógartha chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta

Breis is €4 milliún ar fad atá ceadaithe do Scéim na gCúntóirí Teanga as seo go ceann trí bliana

€115,000 breise sa bhliain fógartha chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta

Tá maoiniú breise os cionn €100,000 sa bhliain fógartha ag Airí na Gaeltachta chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre.

Fógraíodh go mbeidh thart ar €115,000 breise in aghaidh na bliana á chaitheamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga agus pá na gcúntóirí atá fostaithe fud fad na Gaeltachta le hardú.

Breis is €4 milliún ar fad atá ceadaithe don scéim don chéad trí bliana eile agus tacaíocht á cur ar fáil do 134 scoil Ghaeltachta – 105 bunscoil, 28 iar-bhunscoil agus scoil speisialta amháin. Tabharfar ardú pá do 113 cúntóir teanga.

Má chuirtear san áireamh an €24,000 breise sa bhliain a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers don scéim níos luaithe i mbliana, méadú €139,000 in aghaidh na bliana atá ann I gcomparáid leis an maoiniú a fógraíodh trí bliana ó shin, in 2019.

Ardú pá 10% atá á fháil ag na cúntóirí, cainteoirí líofa Gaeilge a thugann tacaíocht i scoileanna Gaeltachta do pháistí an Ghaeilge a shealbhú.

Is iad na heagrais, Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcúige Mumhan agus Muintearas, Dún na nGall, Maigh Eo, An Mhí agus an Ghaillimh, atá i mbun na scéime.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil “céimeanna móra eile glactha chun tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga agus le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta araon”. Dúirt sé go bhfuil an scéim “lárnach” in obair na Roinne chun an Ghaeilge “a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht”.

Fág freagra ar '€115,000 breise sa bhliain fógartha chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta'