€10m in aghaidh an chiliméadair ar bhóthar nua-oscailte i nGaillimh

Mótarbhealach go Clár Chlainne Mhuiris molta ag an Aire Michael Ring anois

€10m in aghaidh an chiliméadair ar bhóthar nua-oscailte i nGaillimh

Chosain an mótarbhealach nua idir Gort agus Tuaim i gcontae na Gaillimhe, a osclaíodh den chéad uair inniu, beagnach €10m an ciliméadar.

Leathbhilliún euro a chosain an bóthar nua 54km, a fhágann nach mbeidh ar thiománaithe dul trí Thuaim, Bhaile Chláir na Gaillimh ná Dhroichead an Chláirín ar an mbealach ón tSionainn.

Osclaíodh mótarbhealach nua i nGaillimh inniu a chosain beagnach €10,000,000 an ciliméadar. Táthar ag súil go ngiorróidh an M17/M18 nua ó Ghort go Tuaim turais chuig Aerfort na Sionainne agus chuig an iarthuaisceart.

Níl ghearrfar aon táille ar thiománaithe as an mbóthar nua a úsáid.

Caitheadh 15 bliain i mbun pleanála agus tógála ar an mbóthar nua, agus cinnteoidh sé go mbeidh ceangal mótarbhealaigh idir Tuaim, Gaillimh, Inis agus Aerfort na Sionainne.

“Is céim shuntasach chun cinn í seo a chabhródh le forbairt cheantar chósta an Atlantaigh,” a dúirt an tAire Forbartha Tuaithe Michael Ring.

Dúirt an tAire gur “céim loighciúil anois” go leanfaí leis an mótarbhealach chomh fada Clár Chlainne Mhuiris i Maigh Eo.

Tá tuairimíocht ann go bhféadfadh tranglam tráchta a bheith ar imeall chathair na Gaillimhe de thoradh an bhóthair nua agus go dteastódh seachbhóthar ar leith chun é sin a sheachaint.

Fág freagra ar '€10m in aghaidh an chiliméadair ar bhóthar nua-oscailte i nGaillimh'