€1.63 milliún fógartha ag Kyne do chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal

Tá maoiniú á chur ar fáil as seo go ceann dhá bhliain do 12 cúrsa atá dírithe cuid mhór ar réimsí an aistriúcháin, an dlí agus na hateangaireachta

€1.63 milliún fógartha ag Kyne do chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal

Tá €1.63 milliún fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne mar thacaíocht do chúrsaí Gaeilge in institiúidí ardoideachais.

Is faoi Thionscnamh Ardscileanna Gaeilge na Roinne Gaeltachta a chuirtear an maoiniú seo ar fáil d’Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Mhá Nuad, Óstaí an Rí agus an eagraíocht oiliúna Gaeilge, Gaelchultúr.

Cuirtear an maoiniú ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal Gaeilge i réimsí an aistriúcháin, an dlí agus na hateangaireachta, cúrsaí atá dírithe cuid mhaith do dhaoine a oiliúint do dheiseanna fostaíochta san AE.

12 cúrsa tríú leibhéal atá i gceist agus cuirfear an maoiniú ar fáil as seo go ceann dhá bhliain.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta an maoiniú le linn dó a bheith ar cuairt ar Ghaelchultúr inniu.

“Léiríonn an maoiniú bhreise seo de € 811,953 agus € 817,539 don dá bhliain acadúil amach romhainn, 2019/20 agus 2020/21, ár dtiomantas do chúrsaí Gaeilge ardleibhéil agus praiticiúla tríú leibhéil ar fud na tíre.

“Tabharfaidh réimse cúrsaí, lena n-áirítear máistreachtaí nó ard-dioplómaí san aistriúchán, sa dlí agus san ateangaireacht na scileanna atá riachtanach chun glacadh le deiseanna fostaíochta anseo sa bhaile agus thar lear,” a dúirt Seán Kyne. 

Fág freagra ar '€1.63 milliún fógartha ag Kyne do chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal'