€1.5 milliún le caitheamh ag Údarás na Gaeltachta ar obair feabhsaithe ar pháirceanna gnó i nGaillimh agus i nDún na nGall

Tá sé beartaithe ag an Údarás uasghrádú a dhéanamh ar 11 córas cóireála fuíolluisce atá ag freastal ar ghnóthaí agus ionaid ghnó i gConamara agus i nGaeltacht Thír Chonaill

€1.5 milliún le caitheamh ag Údarás na Gaeltachta ar obair feabhsaithe ar pháirceanna gnó i nGaillimh agus i nDún na nGall

Tá €1.5 milliún le caitheamh ag Údarás na Gaeltachta chun uasghrádú a dhéanamh ar pháirceanna gnó i nGaillimh agus i nDún na nGall.

Tá sé beartaithe ag an Údarás uasghrádú a dhéanamh ar 11 córas cóireála fuíolluisce atá ag freastal ar ghnóthaí agus ionaid ghnó i gConamara agus i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tá ocht gcinn de na páirceanna gnó a bhfuil uasghrádú i ndán dóibh i nGaillimh – Páirc Ghnó Shailearna, Páirc Ghnó Chill Chiaráin, Páirc Ghnó Bhaile an tSléibhe (Ros an Mhíl), Páirc Ghnó Thír an Fhia, Páirc Ghnó Chorr na Móna, Páirc Ghnó Choill Rua, Páirc Ghnó Bhaile an tSagairt agus Páirc Ghnó Ros an Mhíl (Ginearálta).

Is iad Aonad Fiontraíochta Dhobhair, Aonad Fiontraíochta Mhachaire Rabhartaigh agus Páirc Ghnó na nDúnaibh na hionaid i nDún na nGall a bhfuil obair feabhsaithe le déanamh orthu.

Chuir an Rialtas €8 milliún breise ar fáil d’Údarás na Gaeltachta mar chuid den Chlár Spreagtha Post a fógraíodh mí Iúil chun clár athchóirithe maoine agus infreastruchtúir a chur i gcrích agus tá na huasghráduithe seo á gcur i gcrích de dheasca an allúntais bhreise sin.

Deir Mark de Faoite, Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Maoine Údarás na Gaeltachta, go gcabhródh an obair uasghrádaithe le postanna a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus go mbeadh tairiscintí a lorg acu chun tabhairt faoi na hoibreacha sna seachtainí seo romhainn.

“A bhuíochas don mhaoiniú breise atá faighte againn ón Rialtas i mbliana, chun feabhas a chur ar an infreastruchtúr bunúsach atá ar fáil do ghnóthaí ar fud na Gaeltachta, tá ar ár gcumas tabhairt faoi roinnt oibreacha suntasacha ar chórais cóireála fuíolluisce lena chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na caighdeáin chuí,” arsa de Faoite.

“Tá líon áirithe scéimeanna fuíolluisce aitheanta againn gur gá uasghrádú a dhéanamh orthu agus gur féidir na hoibreacha a chur i gcrích orthu laistigh de na srianta ama atá leis an maoiniú seo.”

 

Fág freagra ar '€1.5 milliún le caitheamh ag Údarás na Gaeltachta ar obair feabhsaithe ar pháirceanna gnó i nGaillimh agus i nDún na nGall'