€1.25 milliún tugtha ar ‘Lionel Messi of pigeon racing’…

Spórt í an rásaíocht cholúr a ndéantar í a chleachtadh in Éirinn agus tá 120 club scaipthe ar fud na tíre

€1.25 milliún tugtha ar ‘Lionel Messi of pigeon racing’…

Níor mhilleán dom an ceapadh go raibh sé in am cuairt a thabhairt ar radharceolaí nuair a shíl mé gurb é a dúirt an cheannlíne san Irish Times Dé Céadaoin seo caite ‘Lionel Messi of pigeon racing sells for a record €1.25 million’.

Faoi dhó a ghlan mé na spéacláirí agus fiú théis iarraidh den chasúr a bhualadh orthu ba í an teachtaireacht chéanna a bhí ag teacht tríothu ón nuachtán.

Faoi dheireadh ní raibh agam ach iad a chaitheamh díom ar fad agus mar a dhéanann mo chomhaoiseanna, mo shrón a leagan ar an leathanach go dtabharfainn liom a raibh ann i gceart.

B’ait an scéal é freisin.

Beagán os cionn coicíse ó shin d’fhógair comhlacht ceantála darbh ainm Pipa, a dhéanann a gcuid gnóthaí ar an idirlíon, go raibh colúr rásaíochta darbh ainm Armando le díol acu. Má théann tú isteach ar an suíomh feicfidh tú go bhfuil daoine as chuile cheard den domhan ag déanamh fógraíochta ann ag iarraidh éanacha a dhíol – as an Ollainn, as an mBeilg agus as an Ríocht Aontaithe a mbunáite.

Ba le Beilgeach Joel Verschoot an t-éan Armando, a ndúradh ar an suíomh faoi nach gcoinneodh aon cholúr eile dár rugadh riamh coinneal dó. ‘I dtéamaí na peile tá Messi agus Ronaldo agat – ag an leibhéal sin atá muid’, a dúradh sa bhfógra.

Leathmhilliún euro an praghas ab fhearr a fuarthas ar aon cholúr rásaíochta roimhe seo agus bhí Armando gaibhte €200,000 sa mbreis air sin nuair a thosaigh tairiscintí ó bheirt Síneach ag teacht isteach sna sála ar a chéile.

Bhí €1.25 milliún sroichte faoin am ar loic duine acu.

Cúig bliana d’aois atá Armando agus tá a chuid rásaíochta déanta . Is í an chúis atá leis sin gur ar a chumas síolraíochta a chuaigh a úinéir nua sa seans seachas a chuid rásaíochta – polasaí atá fíor freisin ar ndóigh i gcás na rásaíochta capall, ar an talamh réidh go háirithe.

Spórt í an rásaíocht cholúr a ndéantar í a chleachtadh in Éirinn agus tá 120 club scaipthe ar fud na tíre cé go bhfuil laghdú tuairim is 75% tagtha ar a gcuid ball le blianta beaga.

Cúpla céad euro ar meán is fiú na héanacha atá acu siúd, ach fós tá ar a gcumas eitilt chomh fada le cósta na Fraince agus ar ais.

Chinn sé orm a fháil amach cén sórt táillí folaíochta a bhainfeadh le colúr rásaíochta de mhianach Armando, ach tá mé cinnte go dtuigeann a úinéir go maith go bhfuil beagán den seans ag baint lena chuid fiontraíochta.

Is ag Coolmore Stud a bhfuil a cheannceathrú i gCo. Thiobraid Árann atá an gnó síolraithe capaill rása is mó ar domhan – graíonna anois acu freisin sna Stáit Aontaithe agus san Astráil. Is le muintir Magnier é agus feictear a gcuid capall féin ag rásaíocht go minic faoi chúram an traenálaí Aidan O’Brien.

Ba é Fusaichi Pegasus an stail síolraíochta ba chostasaí ar domhan nuair a thug Coolmore beagnach €40 milliún air i mBliain na Mílaoise tar éis dó an Kentucky Derby a bhuachan agus €2 mhilliún ar an traic. Meastar gur thart ar €175,000 a chosain sé láir a chuir chuige nuair ba mhó a chlú, ach bheadh siad siúd atá eolach ar na cúrsaí sin den tuairim go mbeadh díomá ar Coolmore lenar bhain sé féin agus a shíol amach.

Ba mhó díomá a bhí orthu le capall darbh ainm the Green Monkey ar thug siad €14 milliún air in 2006, an capall rása ba chostasaí ar domhan ag an am. Trí rás a rith sé agus níor bhuaigh sé ach €9,000. A leath sin a bhí sa táille a bhain leis nuair a cuireadh i mbun síolraithe é.

Ní bhíonn an costas céanna, ná baol air ag baint le láracha graí. Bhí Elizabeth Browning a ar an láir ba chostasaí riamh (€800,000) nuair a cheannaigh Magnier an capall tar éis di buachan den dara huair ar an gCurrach bliain go leith ó shin – bhí 14 rás eile rite aici ag an am. Ba é ba chúis lena praghas go mba é Galileo a hathair – an stail ba chostasaí dá raibh ann agus táille tuairim is €600,000 ag baint leis siúd. Ní fhacthas ar aon traic ní ba mhó í.

Síolrú freisin is bunús le praghsanna móra con. Is cuimhneach libh an scéala a bhain le fuadach cú a raibh luach €1m luaite léi arú anuraidh, eachtra a cuireadh i gcomparáid le cás Shergar.

Is dócha gur sa tseómharcaíocht amháin a fheictear airgead mór á íoc ar ainmhithe de bharr a gcumas iomaíochta, seachas a bheith á meas ar chúinsí infheistíochta.

Tá Éire go láidir chun cinn sa réimse sin freisin. Is as Tiobraid Árann Greg Broderick a bhí sa diallait ar son na tíre seo ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio agus é ag marcaíocht ar ghearrán darbh ainm MHS Global. Shíolraigh an capall sin ina chuid stáblaí féin in aice Dhurlais. Ba idir Ó Bruadair féin agus fear as Ceanada a bhí úinéireacht an chapaill nó gur díoladh ar €12 milliún é tamall ó shin le Athena Onasis, duine den teaghlach cáiliúil saibhir sin as an nGréig.

Fág freagra ar '€1.25 milliún tugtha ar ‘Lionel Messi of pigeon racing’…'