‘Dúshlán úr’ do lucht Beo ar Éigean agus a bpodchraoladh le craoladh ar RTÉ 1

Tá Beo ar Éigean le craoladh in áit an chláir Ghaeilge An Scoth a chraoltaí gach Satharn le roinnt blianta anuas

‘Dúshlán úr’ do lucht Beo ar Éigean agus a bpodchraoladh le craoladh ar RTÉ 1

Beo ar Éigean, an podchraoladh Gaeilge a bhíonn á chur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin, Siún Ní Dhuinn agus Áine Ní Bhreisleáin, le craoladh ar RTÉ Raidió 1 gach seachtain ón oíche amárach ar aghaidh.

Tá beagnach 120 podchraoladh léirithe ag lucht Beo ar Éigean ó 2017 agus iad ag súil “go fonnmhar” le tabhairt faoina gclár nua, a bheas ar mhúnla an phodchraolta aitheanta.

Tá aithne ag an triúr ban ar a chéile ó 2007, agus fios maith acu go raibh “buzz agus splanc” eatarthu a rachadh chun tairbhe do phodchraoladh cainte, a deir an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin.

Cairde ollscoile iad Siún Ní Dhuinn, atá ina Comhordaitheoir Gaeilge le RTÉ agus Áine Ní Bhreisleáin, craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chas ar a chéile i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Chuir Sinéad Ní Uallacháin aithne ar an bheirt ag ócáidí teanga i mBaile Átha Cliath.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Sinéad Ní Uallacháin, atá ina léiritheoir ar an chlár Tús Áite a chraoltar ar Raidió na Gaeltachta, go bhfuil siad “an-sásta” go mbeidh Beo ar Éigean le cloisteáil ar aerthonnta RTÉ raidió 1.

“Measaim go bhfuil forbairt tagtha orainn agus go bhfuil sin le brath sna podchraoltaí. Tá muid níos mó ar ár gcompord lena chéile agus táimid tar éis ár gcairdeas a dhaighniú chomh maith agus is dóigh liom go bhfuil sin le clos ag na héisteoirí. B’fhéidir nach mbímis chomh béalscaoilte ag an dtús is atáimid anois.”

Tá difear mór idir podchraoladh agus clár raidió agus bhí dúshlán ag baint le “aistriú” ón ardán digiteach go dtí an raidió, a deir Ní Uallacháin.

“Tá soblúbthacht iontach i gceist leis na podchraoltaí ó thaobh faid de. D’fhéadfadh gur 20 nóiméad a bheadh i gceist nó ag brath ar an ábhar, d’fhéadfadh gur caoga nóiméad a bheadh i gceist. An clár nua seo, is caoga nóiméad a bheidh i gceist.

“Tá muid ag imeacht freisin ó phodchraoladh a bhfuil lucht éisteoirí dílis aige, dream a théann sa tóir ar an bpodchraladh ar líne agus a bhíonn i dteagmháil linn go minic, chuig ardán eile ar a mbeimis ag iarraidh sinn féin a chur in iúl do lucht éisteachta nua,” a dúirt Ní Uallacháin.

Pléitear le hábhar ar leith i ngach podchraoladh agus is amhlaidh an leagan amach a bheas ag an chlár seachtainiúil.

Chuile ghné de chúrsaí cairdis a bheas faoi chaibidil sa chéad chlár de Beo ar Éigean, a chraolfar amárach, Dé Sathairn, an 23 Bealtaine, ag a 8pm.

Beidh fáil fós ar an phodchraoladh Beo ar Éigean ar na hardáin dhigiteacha, iTunes, Spotify agus eile.

Beidh Beo ar Éigean á chraoladh in áit an chláir Ghaeilge Scoth a chraoltaí ag an am sin gach Satharn ar RTÉ 1 le roinnt blianta anuas.

Fág freagra ar '‘Dúshlán úr’ do lucht Beo ar Éigean agus a bpodchraoladh le craoladh ar RTÉ 1'