Dúshlán roimh lúthchleasaithe na hÉireann i Rio de Janeiro i 2016

Tá go leor forbartha le déanamh ag lúthchleasaithe na hÉireann más fúthu déanamh go maith sna Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro i 2016 i bhfianaise an méid a tharla sna chraobhchluichí i mBéising le gairid

Kerry O'Flaherty. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol
Kerry O’Flaherty. Pictiúr: INPHO/Ian MacNicol

Bhí dealramh leis an tuairim go ndéanfadh foireann na hÉireann i bhfad níos fearr ná mar a rinne i gCraobhchomórtais Raon is Faiche an Domhain. Cinnte, tá 214 tír ina mball den IAAF agus is ábhar mórtais é dár lúthchleasaithe áit a bhaint amach sna craobhchomórtais agus an raon is an fhaiche a roinnt le fathaigh mhóra an spóirt, tíortha ar nós na Céinia, na Stáit Aontaithe agus Iamáice.

Mar sin féin, bhí easpa taispeántais mhaithe le feiceáil ónár lúthchleasaithe. Sa léimrás 3000m do mhná, bhí ár dtriúr iomaitheoirí, Michelle Finn, Sara Treacy agus Kerry O’Flaherty, i bhfad ón 9:45.00 a bhain said amach i nDún na nGall i mí Iúil.

Is léir go bhfuil Kelly Proper thar a bheith cumasach ach níor éirigh léi barr an chumais sin a bhaint amach ag buaicphointe an tséasúir. Níor éirigh le beirt siúlóirí, Alex Wright agus Brendan Boyce an líne chríche a thrasnú.

Cuireadh an milleán ar ghortuithe i gcás Peña sa léim chuaille, Ben Reynolds sa chliathrás 110m, agus Wright sa rás siúil, ar ndóigh. Lena ceart a thabhairt do Everard, áfach, d’admhaigh sí gur theip uirthi an plean a bhí aici a chur i gcrích; b’fhéidir nach bhfuil an dóthain taithí aici i gcomórtais mhóra an domhain. Faraor, cé nár éirigh Barr ná English áit a bhaint amach sna rásaí ceannais, níl aon dabht nach raibh sin thar a n-acmhainn.

Ar a shon sin, b’ábhar mór mórtais dár bhfoireann sealaíochta bheith ag glacadh páirte sna craobhchomórtais, gan an churiarracht naisiúnta a bhain siad amach a lua. Faoi dheireadh, tamall beag ina dhiaidh sin, tháinig captaen na foirne, Rob Heffernan, isteach sa staid chun an toradh is fearr ó lúthchleasaí Éireannach a fháil sa Rás Siúil 50k.

Beifear ag súil go gcuirfidh Athletics Ireland, na traenálaithe agus na lúthchleasaithe béim mhór ar theaicticí an rása a chur i gcrích go héifeachtach chomh maith le taithí luachmhar i gcomórtais thábhachtacha a fháil roimh na Cluichí Oilimpeacha i Rio de Janeiro i 2016.

Fág freagra ar 'Dúshlán roimh lúthchleasaithe na hÉireann i Rio de Janeiro i 2016'