Dúshlán mór roimh fhir na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh

Feilfidh Páirc an Chrócaigh do Mhaigh Cuilinn agus don Ghleann láidir agus ba cheart go mbeadh sárchoimhlint idir seaimpíní Uladh agus Chonnacht

Dúshlán mór roimh fhir na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh

Maigh Cuilinn v An Gleann – Páirc an Chrócaigh, 3.30in (Beo ar TG4)

Ní hé an chéad uair é a dtabharfaidh imreoirí as Gaeltacht na Gaillimhe agus imreoirí as Doire aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna nuair a bheidh Maigh Cuilinn agus An Gleann sa tóir ar áit i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na gClubanna i bPáirc an Chrócaigh.

I mí Iúil na bliana seo caite, bhí Seán Kelly, Dessie Conneely agus Paul Kelly ó Mhaigh Cuilinn ag imirt do Ghaillimh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Dhoire i gcraobh na hÉireann agus inniu casfaidh siad arís ar Conor Glass, Ethan Doherty agus Emmett Bradley, a cloíodh an lá sin.

Aistear nua é seo don dá chumann, a bhuaigh craobhacha a gcúigí den chéad uair mí na Nollag seo caite. Is beag taithí atá acu a bheith i mbarr réime ina gcontaetha féin fiú, a gcéad Chraobh Shinsir i nGaillimh buaite ag Maigh Cuilinn in 2020 agus Craobh Dhoire buaite den chéad uair ag an nGleann an bhliain dár gcionn.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil a n-áiteanna i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann inniu tuillte ag an dá fhoireann agus ní bheidh aon easpa muiníne ag cur as dóibh agus iad ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo.

D’fhág an phaindéim nach raibh deis ag Maigh Cuilinn dul níos faide ná Craobh na Gaillimhe nuair a bhuadar Corn Mhic an tSionnaigh in 2020 ach, ar an dea-uair, fuair an sárghrúpa peileadóirí seo deis imirt in aghaidh na bhfoirne is fearr sa tír nuair a bhuaigh siad an chraobh arís anuraidh.

Níor tugadh tada go héasca don chumann Gaeltachta le linn an fheachtais sin ina gcontae féin. Ba iad seaimpíní 2021, An Creagán-Maigh Locha, Cora Finne agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach na foirne eile ba láidre sa chomórtas ach bhuaigh foireann Don Connellan ar gach ceann acu le linn na craoibhe.

Thug siad greadadh do Chathair na Mart sa chéad bhabhta i gCraobh Chonnacht, taispeántas ar léiriú iontach é ar chumas Mhaigh Cuilinn, agus cé gur le dua a fuaireadar an ceann is fearr ar Bhéal na mBuillí as Ros Comáin ina dhiaidh sin, bhí bua cumasach ag na Gaillimhigh ar churaidh Shligigh, Tuar Loistreáin, i gcluiche ceannais Chonnacht.

Cé go bhfuil grúpa imreoirí den scoth tagtha tríd i Maigh Cuilinn le blianta beaga anuas, tá sárjab déanta ag Connellan agus a fhoireann bainistíochta chun gach seans a thabhairt dóibh bláthú ar an stáitse mór.

Foireann láidir, aclaí a mbíonn dea-eagar orthu iad Maigh Cuilinn agus stíl chomhaimseartha acu. Cé gur féidir leo an liathróid a bhogadh chun tosaigh go tapa leis an mbróg nuair a thugtar an deis dóibh, mar a tharla in aghaidh Chathair na Mart, is minic leo an liathróid a iompar trí lár na páirce agus imreoirí ag teacht ó i bhfad siar chun tacaíocht a thabhairt don fhear a mbíonn seilbh aige.

Oireann an stíl imeartha go hiontach do leithéidí Owen Gallagher agus an triúr Kelly, Seán, Paul agus Eoghan. Is annamh nach mbíonn ar a laghad beirt den cheathrar sin lárnach in aon ionsaí de chuid Mhaigh Cuilinn ach d’fhéadfaí iad a fheiceáil áit ar bith ar an bpáirc.

Tá cosaint an-láidir ag Maigh Cuilinn chomh maith. Cé go dtiteann cuid mhaith imreoirí siar chun cúnamh a thabhairt, sárchosantóirí iad Neil Mulcahy, Conor Corcoran agus Eoghan Kelly agus bheifí dóchasach go bhfaigheadh siad an ceann is fearr ar a gcéilí comhraic fiú gan aon chúnamh.

Tá an-chuid cosúlachtaí idir Maigh Cuilinn agus an Gleann agus feilfidh Páirc an Chrócaigh don dá fhoireann. Tá imreoirí cliste agus aclaí a bhíonn ag rith gan stad ag an dá dream. Tá an Gleann an-láidir i lár na páirce le Conor Glass agus Emmett Bradley agus beidh sé mar sprioc ag Maigh Cuilinn, a phlódaíonn an chuid sin den pháirc le himreoirí, an bheirt sin a choinneáil ciúin.

Tá Ethan Doherty, a roghnaíodh do ghradam Imreoir Óg na Bliana anuraidh, théis an-bhliain a bheith aige freisin agus bíonn sé ag síor-ionsaí ón líne leathchúil, mar a bhíonn Tiarnán Flanagan ar an gcliathán eile. Is é Danny Tallon naoscaire na foirne ach tá scóranna tábhachtacha aimsithe ag Jack agus Alex Doherty chaon taobh dó sa líne lántosaithe agus imreoir eile atá lán d’fhuinneamh é Conleth McGuckian.

Is é Malachy O’Rourke, a raibh an-rath air mar bhainisteoir ar Mhuineachán, atá i gceannas ar an nGleann agus é tar éis cur lena chlú le cúpla bliain anuas. Beidh fir Dhoire lán de mhuinín tar éis seaimpíní na hÉireann 2022, Cill Chua, a bhualadh i gcluiche ceannais Uladh ach cé gurb iad rogha na coitiantachta tráthnóna, d’fhéadfadh go mbeadh coimhlint níos géire againn ná mar atá súil ag na geallghlacadóirí léi.

Fág freagra ar 'Dúshlán mór roimh fhir na Gaeltachta i bPáirc an Chrócaigh'