Dúshlán mór roimh bhuachaillí Chonamara ach an mianach iontu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach

Tabharfaidh seaimpíní na Gaillimhe agus Chonnacht, An Spidéal, aghaidh ar churaidh Aontroma agus Uladh, Naomh Éanna, i gcluiche leathcheannais Chraobh idirmheánach Peile na hÉireann tráthnóna san Uaimh

Dúshlán mór roimh bhuachaillí Chonamara ach an mianach iontu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach

Foireann an Spidéil. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

An Spidéal (Gaillimh) v Naomh Éanna (Aontroim) – Páirc Tailteann, 2.00pm (Beo ar TG4)

Imreoidh An Spidéal agus Naomh Éanna i gcluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc Tailteann ach thuigfeá d’imreoirí na bhfoirne dá mbeadh leathshúil acu ar Pháirc an Chrócaigh.

Agus iad tagtha chomh fada seo tá sé nádúrtha go mbeadh aislingí faoi chluiche ceannais na hÉireann a bheith go láidir ina n-intinn, ach b’fhearr dóibh dearmad a dhéanamh ar Pháirc an Chrócaigh go fóill. Mura mbíonn ceachtar den dá fhoireann dírithe ar an dúshlán atá rompu san Uaimh, íocfaidh siad as.

Cé nach bhfuil mórán cosúlachtaí idir ceantar an Spidéil i gConamara agus ceantar Ghleann Ghormlaithe, atá díreach ó thuaidh de Bhéal Feirste, tá an-chuid cosúlachtaí idir na foirne seo. Óg, tapa agus díograiseach, tá a n-ainm sa Táin ag an dá fhoireann agus an chéim seo den chomórtas bainte amach acu.

Ba iad Naomh Éanna an chéad fhoireann riamh as contae Aontroma a bhuaigh Craobh Idirmheánach Peile Uladh nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Mhullach Odhráin as an gCabhán mí na Nollag seo caite.

Cumann iad a d’fhulaing go mór le linn na dTrioblóidí, agus tá siad anois ar cheann de na cumainn is mó in Ulaidh ó thaobh ballraíochta de agus toradh na hoibre a cuireadh isteach le roinnt blianta anuas le feiceáil go soiléir. Tá siad ag imirt i Roinn 1 na sraithe le cúpla bliain agus bhíothas ag tuar le tamall go mbainfidís an t-ardú céime ón ngrád idirmheánach amach.

Tagann cnámh droma na foirne ón bhfoireann a bhuaigh Craobh Mhionúir ‘A’ Aontroma in 2015 agus ba dhuine ón bhfoireann sin, an t-imreoir lár páirce Joe Maskey, laoch na foirne i gcluiche ceannais Uladh nuair a fuair sé cúl cinniúnach sa dara leath.

Is imreoir óg, láidir eile é an leathchúlaí láir, James McAuley, atá ina chaptaen ar an bhfoireann agus tá scoth na dtosaithe acu, leithéidí Peter Healy, Odhrán Eastwood, Ruairi Scott, Kristian Healy agus Eoin Nagle.

Beidh a fhios ag an Spidéal go gcaithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa más leo na hUltaigh a bhualadh ach fiú mura mbíonn rudaí ag dul go maith d’fhir Chois Fharraige sa dara leath tráthnóna, is mairg a chuirfeadh as an áireamh iad.

Is í an stuaim agus an teacht aniar atá iontu na buanna is mó a léirigh imreoirí an Spidéil nuair a thug siad leo craobhacha na Gaillimhe agus Chonnacht in 2018.

B’éigean dóibh am breise a imirt sa gcéad chluiche agus san athimirt i gcoinne Mhicheál Breathnach chun craobh an chontae a thabhairt leo. Bhí am breise ag teastáil arís chun Béal an Mhuirthead a chur de dhroim seoil agus bua aon phointe amháin a bhí acu i gcluiche ceannais Chonnacht in aghaidh Fhíorta.

Idir an t-imreoir contae Maghnus Breathnach sa gcúl agus Conall Ó Caoimh, Éamon Ó Conláin agus Liam Ó Ceallaigh sa líne lánchúil, ní ghéilleann siad mórán. Déanann Dara Mac an Rí agus Pádraig Eoin Ó Curraoin obair na gcapall i lár na páirce agus tá an cumas sna deartháireacha Uí Laoi sna tosaithe, Finnian, Antaine agus Cormac, na scóranna cinniúnacha a fháil nuair a bhíonn cluiche idir dhá cheann na meá,.

Bunaithe ar a thréine agus a bhí seaimpíní Uladh go dtí seo sa gcomórtais seo, is iad Naomh Éanna rogha na coitiantachta don chluiche ag na geallghlacadóirí. Is cinnte go bhfuil mianach iontu agus seaimpíní Thír Eoghain, Mhuineacháin agus an Cabháin sáraithe acu chun Craobh Uladh a bhaint ach tá taithí ag na Gaillimhigh ar chluichí géara crua a bhuachan agus d’fhéadfadh go seafadh an taithí sin leo san Uaimh inniu.

Rogha Tuairisc.ie: An Spidéal

Fág freagra ar 'Dúshlán mór roimh bhuachaillí Chonamara ach an mianach iontu cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach'