Níl ach trí chluiche réamhbhabhta fágtha le himirt i gcomórtas URC na bliana seo agus tá Cúigí Laighean agus Cúige Mumhan cinnte go mbeidh siad ag imirt sna babhtaí cáilithe nó ceathrú ceannais cé nach féidir leo fós a bheith cinnte go mbeidh buntáiste baile acu do na cluichí sin.
Tá Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh sa séú agus sa seachtú háit ar thábla an chomórtais, le 44 pointe an taobh. Ach tá an dá fhoireann i mbaol sleamhnú síos an tábla mar go bhfuil trí chluiche crua fós le himirt acu. Ní hamháin sin ach de bharr nach bhfuil ach sé phointe idir na foirne atá suite idir an cúigiú agus an t-aonú háit déag ar an tábla, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith ag torthaí i gcluichí eile ar dhul chun cinn an dá chúige. Ar deireadh thiar, ní féidir leo tada a dhéanamh faoi na cluichí sin, caithfidh siad díriú ar a gcúram féin agus dul ar thóir an oiread pointí agus is féidir leo a aimsiú idir seo agus deireadh na réamhbhabhtaí.
Bhuel, fágann sin dúshlán damanta roimh Chúige Chonnacht inniu agus iadsan as baile i gcoinne na Muimhneach i Luimneach. Níl ach trí áit ar an tábla idir na foirne seo. Tá Cúige Mumhan sa tríú háit ach tá bearna naoi bpointe eatarthu. Chomh maith leis sin is fiú tagairt a dhéanamh don tsárimirt atá i gcampa na Mumhan le cúpla seachtain, go háirithe le linn an turas dhá chluiche a thug siad ar an Afraic Theas i mbabhtaí 14 agus 15. Cuimhnigh gur aimsigh siad dhá bhua iontacha i gcoinne na mBulls agus na Sharks.
Bhí dhá bhua mhaithe ag na Connachtaigh iad féin sna babhtaí céanna ach níl comparáid ar bith idir a bheith ag imirt i gcoinne Zebre atá ar íochtar an tábla agus na Dragons atá áit amháin chun cinn ar fhoireann na hIodáile agus iadsan sa gcúigiú háit déag ar an tábla.
Sea, beidh Cúige Mumhan ar thóir cúig phointe agus is deacair a shamhlú nach n-éireoidh leo. Nár bhreá liom dul amú a bheith orm faoi sin!
Seans go mbeadh Cúige Chonnacht sásta le pointe nó dhó ón gceann seo.
Tá mé ag tabhairt leathsheans do Chúige Uladh inniu, fiú agus iad as baile i gcoinne na Scarlets. Níor éirigh le foireann na Breataine Bige ach trí bhua a aimsiú ó thús an tséasúir agus tá siad naoi bpointe dhéag agus seacht n-áit níos ísle ná na hUltaigh. Cuimhnigh freisin gur éirigh le Cúige Uladh bua maith as baile a aimsiú i gcoinne Caerdydd i mBabhta 15. Seans freisin gurb é cluiche an lae inniu an deis is fearr atá ag Cúige Uladh pointí a chruinniú agus cluichí i gcoinne Chúige Laighean agus Chúige Mumhan fós le n-imirt acu i mbabhtaí 17 agus 18.
Bua do na hUltaigh i mo thuairimse.
Sa mbaile san RDS a bheas Cúige Laighean (2ra háit) anocht agus iad i gcoinne na nOspreys (10ú háit). Fiú agus Leo Cullen ag tabhairt scíth dá chuid imreoirí chéad rogha d’imir i gcoinne Northampton seachtain ó shin, is deacair tada seachas bua le cúig phointe a thuar d’fhoireann Átha Cliath. Cuimhnigh go mbeidh siad ag iarraidh iad féin a ardú ón dara háit ar an tábla go dtína bharr, arís. Tá seans maith acu an sprioc sin a bhaint amach mar gur san Afraic Theas i gcoinne na mBulls atá Glaschú, an fhoireann atá ar bharr an tábla faoi láthair.
Fág freagra ar 'Dúshlán damanta roimh Chúige Chonnacht i gcoinne na Muimhneach i Luimneach'